Brocaireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula d'esportBrocaireacht
Cineálanimal-baiting (en) Aistrigh
1823

Is 'spórt fola' é an brocaireacht ina mbíonn broic agus madraí ag troid le chéile nó go maraítear iad. Siamsaíocht atá ann do dhaoine áirithe. Nós mídhaonna agus cruálach atá ann do dhaoine eile.[1]

Faoin tuath, tarraingítear an broc as an mbrocach agus cuirtear madraí ina éadan go stiallann siad ó chéile é. Nó i ngéibheann, cuirtear gadhar isteach sa "mbrocach", nó cás srl., agus tosaíonn an gadhar agus an broc ag stróiceadh a chéile. Ní hiondúil go dtagann an broc slán ach is minic go mbíonn drochbhail ar an ngadhar freisin de bharr na coimhlinte.[2]

1824 le Henry Thomas Alken[3]

An brocaireacht in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an brocaireacht fós á gcleachtadh in Éirinn. Tá sé déanta amach ag Cumann an Tuaiscirt um Fhóirithint ar Ainmhithe[4] go maraítear 2,000 broc go mídhleathach i dTuaisceart Éireann gach bliain.

Áirítear go bhfuil thart ar 150 duine ag cleachtadh an 'spórt' seo i dTuaisceart Éireann. Tá a fhios ag na húdaráis go bhfuil ach is beag a dhéantar lena dtabhairt chun cúirte.[5] Níor cúisíodh ach triúr as an gcoir seo i dTuaisceart Éireann le deich mbliana anuas.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Seosamh Ó Cuaig (27 Iúil 2021). "Is fada an lá ó tháinig an broc go hÉirinn i dtosach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-09.
  2. 2.0 2.1 Seosamh Ó Cuaig (9 Meitheamh 2023). "Obair ghránna is ea an bhrocaireacht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-09.
  3. "Henry Thomas Alken" (as en) (2023-03-17). Wikipedia. 
  4. Society s for Prevention of Cruelty to Animals
  5. Jilly Beattie (2023-05-12). "PSNI's new Operation Subrision launched to tackle 'barbaric' rural crimes" (en). BelfastLive. Dáta rochtana: 2023-06-09.