Cailleach rua

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCailleach rua
Cobitoidea Cuir in eagar ar Wikidata

Syncrossus berdmorei Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeActinopteri
OrdCypriniformes
ForfhineCobitoidea Cuir in eagar ar Wikidata
Swainson, 1838

Iasc fionnuisce le colainn chaol a fhaightear i locha is aibhneacha ar fud na hEorpa is na hÁise is ea an chailleach rua (Béarla: loach). Níos lú ná 10 cm ar fhad de ghnáth. Sprochaillí timpeall ar a bhéal. Coitianta mar iasc uisceadáin.[1]

Ó thaobh na tacsanomaíochta de, cuimsíonn siad an fhorfhine Cobitoidea, grúpa an-mhór ina bhfuil thart ar 1250 speiceas i níos mó ná 100 géineas. É sin ráite, nuair a úsáidtear an téarma “cailleach rua” i nGaeilge, is minic go mbíonn an speiceas Barbatula barbatula i gceist.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cailleach rua". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 105.
  2. “cailleach rua” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-03.