Brian Ó Nualláin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBrian Ó Nualláin

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 Deireadh Fómhair 1911
An Srath Bán, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Aibreán 1966
54 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghráinseach an Déin Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreLitríocht nua-aoiseach, litríocht iar-nua-aoiseach, prós, drámaíocht, aoir, iriseoireacht agus gníomhaíocht liteartha
Gairmscríbhneoir, iriseoir, úrscéalaí, drámadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm cleiteMyles na gCopaleen
Brother Barnabas
Myles na Gopaleen
Flann O'Brien
George Knowall Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Síniú

IMDB: nm0639548 Musicbrainz: d61c1925-348f-4b0c-81a3-57b14409727b Discogs: 1737573 Cuir in eagar ar Wikidata

Údar ab ea Brian Ó Nualláin (Béarla: Brian O'Nolan) (5 Deireadh Fómhair 19111 Aibreán 1966).[1][2] Is fada an An Béal Bocht aitheanta ar cheann de mhórshaothair na hÉireann.[3]

Is mó ainm agus ainm cleite a bhí air. Scríobh an Nuallánach úrscéalta grinn freisin faoin leasainm Flann O'Brien. Bhí colún seachtainiúil aige ar an Irish Times as Gaeilge agus as Béarla dar theideal An Crúiscín Lán (nó an Cruskeen Lawn de réir an litrithe Ghallda a d'úsáideadh sé) le Myles na Gopaleen (nó Myles na gCopaleen), ainm cleite eile dá chuid.

Brian Ó Nualláin

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh an Nuallánach ar an tSrath Bán

Cúlra Teaghlaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh an Nuallánach ar an tSrath Bán, i dTír Eoghain, ar an 5 Deireadh Fómhair na bliana 1911. Tá cúlra an teaghlaigh iontach suimiúil. Ba rud iontach radacach páistí a thógáil le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht ag an am, ag beirt nár chainteoirí dúchais iad.[4]

Bhí tionchar mór ag muintir Nualláin ar shaothrú na Gaeilge\. Cé go raibh Brian Ó Nualláin ar an scríbhneoir ba aitheanta sa teaghlach, bhí féith na scríbhneoireachta go láidir i muintir Nualláin trí chéile. Deartháir a bhí ann leis an iriseoir Gaeilge Ciarán Ó Nualláin, a bhí i gceannas ar an nuachtán Inniu, chomh maith leis an ealaíontóir Mícheál Ó Nualláin a phéinteál portráid de Bhrian féin.

Chaith sé a shaol ag obair mar státseirbhíseach i mBaile Átha Cliath

Tugtha don ól, bhuail ailse é agus fuair an Nuallánach bás ar Lá na n-Amadán, 1 Aibreán 1966 1966. Ag 21 Bóthar Watersland, Stigh Lorgan, a bhí cónaí air.[1][5]

Díoladh clóscríbhinn d’úrscéal An Béal Bocht agus deasc údar ar ceant sa bhliain 2017.[6]

Luathshaothar[7][cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh an Nuallánach i mbun pinn den chéad uair agus é ina mhac léinn i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Bhí sé gníomhach gnóthach i gCumann na Staire is na Litríochta san am seo. Scríobhadh sé do Chomhthrom Féinne, iris na mac léinn, agus ainmneacha cleite éagsúla aige; ba é Brother Barnabas an ceann ba mhó a chleachtadh sé. Faoin am seo, chum sé scéal faoin teideal Scenes in a Novel (probably posthumous) by Brother Barnabas, agus é ag plé a lán téamaí a bhí le teacht chun solais arís san úrscéal At Swim-Two-Birds. Sa scéal seo, téann carachtair an scéil chun cearmansaíochta ar an scríbhneoir, agus iad ag déanamh a bheag den chineál saol a cheap an scríbhneoir dóibh. Mar shampla, má bhí an scríbhneoir meáite bithiúnach cruthanta a dhéanamh d'fhear darb ainm Carruthers McDaid, is fearr le Carruthers a chuid a shaothrú ag díol cait le seanmhná, agus é, fiú, ina Aifreannach maith i ngan fhios don scríbhneoir. Maidir le laoch an scéil, Shaun Svoolish, is fearr leisean saol socair suaimhneach buirgéiseach ná eachtránaíocht agus laochas:

Is féidir gur fimíneach mé, ar seisean, ach tá mé in ann mo leas féin a aithint. Cén fáth nach bhféadfainn Brídín a phósadh agus triail a bhaint as an Státseirbhís mar shlí bheatha?
Ádhúil go leor, ní minic a thiteann timpistí iarnróid amach, - a d'fhreagair mé sa deireadh, - ach nuair a bheidh a leithéid ann, scanróidh sé as do mheabhair thú. Déan athchomhairle air fós.

Sa bhliain 1934 bhunaigh an Nuallánach agus cúpla mac léinn eile iris faoin teideal Blather ("Bladar"). Ní raibh fad saoil i ndán don iris seo, agus bhí blas na gaisciúlachta ar an scríbhneoireacht mar is dual do dhaoine óga. Bhí greann Mhyles na gCopaleen, an greann céanna a bhláthódh i gceart faoin teideal Cruiskeen Lawn ar an Irish Times, le haithint cheana féin.

Na hÚrscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iomaí duine a thug taitneamh d'úrscéalta an Nuallánaigh, toisc go bhfuil idir ghreann fiáin agus meitificsean nua-aimseartha ag baint leo. Scríobh sé faoin tsaol, faoin mbás is faoin mbáisteach.

Tá cáil ar leith ar an úrscéal An Béal Bocht — tá aoir ann faoi chuid den díograis a bhíonn ag lucht Galltachta chun mionghnéithe de chultúr an Iarthair a tharrtháil, go háirithe i gcás na mBlascaodaí.[8] Cé gur i nGaeilge a chéadscríobh sé An Béal Bocht agus cuid mhaith dá chuid iriseoireachta, deirtear nach fáilteach roimpi a bhí sé sna blianta deireanacha dá shaol.

At Swim-Two-Birds bunaithe ar charachtair agus ar phearsana a tháinig as saothair fhicseanúla eile agus as finscéalta miotasúla, agus is é an míniú a thug an scríbhneoir air seo ná go raibh an iomarca carachtair fhicseanúla ann cheana féin.

Maidir le The Third Policeman, tá plota fantaisíochta ann agus dúnmharfóir ag déanamh ról an phríomhcharachtair i ndomhan aisteach atá foirgthe le póilíní ramhra. San am céanna, caitheann an t-úrscéal sin súil ghreannmhar ar an díospóireacht acadúil trí theoiricí aisteacha an fhealsaimh De Selby a chur os comhair an léitheora. Teoiric eile í "teoiric adamhach an rothair", agus is é an Sáirsint Pluck, duine de na póilíní ramhra sin, a cheapann é. Maidir le The Dalkey Archive, feictear Séamus Seoige féin mar dhuine de na príomhcharachtair, ach níor scríobh sé a chuid mórshaothar riamh, agus ní theastaíonn uaidh ach dul sna hÍosánaigh.

Uaigh an Nuallánaigh i Reilig Ghráinseach an Déin

Saothair[9][cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Clár faisnéise, "Flann O’Brien: An Béal Saibhir", (2016), TG4[10]
  • Léachtaí Cholm Cille Xlix, O'MUIRCHEARTAIGH, "Ón nGruagach Gréagach go Myles na gCopaleen: Saol agus Saothar Mhuintir Nualláin", ISBN: 9781911330127[11][4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Ó NUALLÁIN, Brian (1911–1966)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2022-06-15.
  2. "O'Nolan, Brian (‘Flann O'Brien’) | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2022-06-15.
  3. Breandán M Mac Gearailt (26 Nollaig 2017). "LÉIRMHEAS: Conas mar a chruthaigh An Béal Bocht ar an scáileán teilifíse?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-15.
  4. 4.0 4.1 Méabh Ní Thuathaláin (6 Aibreán 2018). "‘Ón nGruagach Gréagach go Myles na gCopaleen’ – muintir Nualláin faoi chaibidil ag Léachtaí Cholm Cille" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-15.
  5. Google Maps (2023). "21 Waltersland Rd, Stillorgan, Dublin". Dáta rochtana: 2023.
  6. "Clóscríbhinn d’úrscéal An Béal Bocht agus deasc Myles na gCopaleen ar díol ar ceant" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-13.
  7. Seán Tadhg Ó Gairbhí (1 Aibreán 2016). "Myles na gCopaleen, cothrom lá a bháis – 31 ráiteas fíorGhaelach i dtaobh cheist na Gaeilge ó ‘an fear is fearr in Éirinn’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-15.
  8. Brian Ó Conchubhair (3 Nollaig 2016). "An Béal Bocht@75: Bhí sé óg nuair a rugadh é, gan fiú amháin lá féin slán aige!" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-15.
  9. "Clóscríbhinn d’úrscéal An Béal Bocht agus deasc Myles na gCopaleen ar díol ar ceant" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-15.
  10. Breandán M Mac Gearailt (5 Aibreán 2016). "Myles na gCopaleen agus Michaella McCollum – ‘béal saibhir’ mhuintir Thír Eoghain" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-15.
  11. "Léachtaí Cholm Cille Xlix" (en). Alan Hanna. Dáta rochtana: 2022-06-15.