An Béal Bocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharAn Béal Bocht
Cineálsaothar scríofa Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarBrian Ó Nualláin Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán1941 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh11 Aibreán 1941
Tréith
Seánraúrscéal Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
Eile
Uimhir OCLC31272718 Cuir in eagar ar Wikidata

Úrscéal aorach scríofa as Gaeilge é An Béal Bocht ̈(The Poor Mouth), leis an scríbhneoir Éireannach Brian Ó Nualláin (Flann O'Brien) an t-aon úrscéal Gaeilge a scríobh sé faoin ainm cleite Myles na gCopaleen. Foilsíodh den chéad uair é sa bhliain 1941.

Saothar scigmhagúil, aorúil a thugann fogha fíochmhar ach fogha ceanúil faoi ghluaiseacht na Gaeilge. É lán le háiféis, áibhéil, íoróin, gearradh agus leibhéil.[1] Mórshaothar faoi leith é An Béal Bocht, é nimhneach, réabhlóideach, agus ar cheann de na húrscéalta is fearr a scríobhadh sa Ghaeilge.[2][3]

Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déanann an leabhar scigaithris ar roinnt de na leabhair eile a scríobhadh faoi shaol crua na Gaeltachta, mar shampla An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain agus Peig le Peig Sayers.

Titeann eachtraí an scéil amach i gCorca Dorcha, réigiún iargúlta den tír ina mbíonn sé ag cur báistí gan stad agus ina gcaitheann muintir na háite a saolta i bhfíorbhochtanas agus easláinte.

An chéad eagrán, 1941

Caibidil 1[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is sa chéad chaibidil a bhuaileann muid le Bónapárt. Insíonn sé dúinn an fáth go bhfuil an scéal seo á insint aige. Tugann sé cur síos dúinn ar a bhreith, ar a theach, ar a mháthair agus an 'seanduine liath', agus ar a áit chónaithe.

Caibidil 2[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faigheann muid léargas ar an saol atá ag Bónapárt sa teach. Fanann muc darbh ainm Ambrós sa teach leo, agus tá boladh uafásach uaidh. Deireann Bónapárt go raibh an boladh seo chomh lofa sin gur bhog clann amach, a raibh ina gcónaí fiche slat thíos an bóthar, chun éalú uaidh. Tá orthu é a mharú chun fáil reidh leis.

Caibidil 3[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugann Bónapárt cur síos dúinn ar a chéad lá ar scoil. Ní labhraíonn an múinteoir Gaeilge agus ní labhraíonn eisean Béarla. Tugtar ainm do as Béarla, James (nó Jams) O’Donnell, agus dar leis an Seanduine, fuair eisean an ainm ceana agus é féin ag freastal ar scoil. Socraíonn Bónapárt go bhfuil sé réidh leis an scoil, agus nach mbeidh sé ag filleadh ar ais arís.

Caibidil 4[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann cuairteoirí chuig an ceantar ó Bhaile Átha Cliath chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus an bhocthanas a fheiceáil. Cuireann an Seanduine ‘daoine uaisle’ orthu, agus tá iontas an domhan air nuair a labhraíonn ceann dóibh leis i nGaeilge.

Caibidil 5[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téann Bónapárt agus an Seanduine ar chúirt chuig Rosa, an áit ina bhfuil an sceilg is deise sa tír seo. Éisteann siad le scéal ó seanchaí faoin gCat Mara, agus siúlann Bónapárt abhaile go Chorca Dhorcha ina aonar. Agus é ar an mbealach, buaileann sé le ollphéist a chuireann eagla an domhain air. An lá dar gcoinn, insíonn sé don seanduine an méad a tharla do. Dar leis an Seanduine, is an Cat Mara a bhuail sé leis, agus is mór an iontas é go bhfuil Bónapárt fós beo.

Caibidil 6[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Bónapárt an duine deireanach dá aois i gCorca Dhorcha nach bhfuil pósta go fóill. Níl aithne aige ar aon chailín, agus dar leis an Seanduine tá na cailíní is fearr sna Rosa. Téann siad chuig na Rosa, agus éiríonn Bónapárt geallta le Nábla, iníon fearr atá ar aithne ag an Seanduine darbh ainm James O’Donnell. Pósann siad, agus tá cóisir mór acu. Tar éis tamaill, tá leanbh acu, agus tá áthas an domhan ar Bónapárt. Ach mar a dheirtear go minic sa leabhar, ní féidir le aon Gael boch bheith sásta rófhada, agus bliain i ndiaidh a bhreith, faigheann an leanbh agus Nábla bás.

Corca Dhuibhne

Caibidil 7[cuir in eagar | athraigh foinse]

Insíonn Bónapárt dúinn faoi Sitric Ó Sánasa. Níl eínne níos Gealaí ná Sitric; tá sé flaithiúl agus cairdiúl, ach tá sé fíorbhocht freisin. Sochraíonn Sitric go bhfuil sé breán den saol atá aige, agus déanann sé an cine dul agus cónaí a bheith aige i bpoll sléibhte leis na róin mar comhluadar agus mar bhia.

Caibidil 8[cuir in eagar | athraigh foinse]

Éiríonn an aimsir i gCorca Dhorcha i bhfad níos measa agus abhainn beag lasmuigh den doras. Tá easpa prátaí i dteach Bónapárt, agus tá airgead ag teastáil chun bia a cheannach. Socraíonn Bónapárt dul suas sliabh, mar gheall go gceapann sé go bhfuil nithe luachmhar ar bharr. Tá an slí chuig barr na sléibhte deacair agus crua, ach ba bhfearr le Bónapárt bás a fháil ón gcruatan ná bheith marbh leis an ocras i gCorca Dhorcha. Tagann sé ar thobar uisce. Piocann sé suas na pingine óir atá timpeall na háite, agus téann sé abhaile an maidin dár gcionn go sona sásta.

Caibidil 9[cuir in eagar | athraigh foinse]

Socraíonn Bónapárt buataisí a cheannach leis an ór. Téann sé go Gaillimh agus ceannaíonn sé péire. Téann sé ag siúl i lár na hoíche. An mhaidin dar gcoinn, tá na comharsan amuigh sa pháirc. Ceapann siad gur leis an gcat mara na buataisí, agus tá eagla an domhain orthu. Nuair a théann Bónapárt ar ais chuig an teach, tá piléar ann. Dar leis, maraíodh fear i nGaillimh agus goideadh go leor ór uaidh. Gabhann é ar amhras go ndearna sé dúnmharú. Is ansin sa phríosúin a scríobhann sé an leabhar seo, agus críochnaíonn sé an ciorcal iomlán.

Carachtar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is carachtar tairseachúil é Bónapárt, atá ina bhaothán saonta ach a labhraíonn go cruinn agus é fós ina naíonán.

Tomás Ó Criomhthain

Téamaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bliain tar éis do Sheosamh Mac Grianna gort nua a aimsiú do scríbhneoirí na Gaeilge le Mo Bhealach Féin, d’fhéach an Nuallánach leis an mbonn a bhaint den bhréag-íomhá agus den mhíthuiscint a bhain le hidéal na Gaeltachta agus aisling an iarthair.[4][5]

Tomás Ó Criomhthain

Athbheochan na Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léargas atá ann ar na laigí agus ar an dul thar fóir soineanta a bhaineann le gluaiseacht chultúrtha, gluaiseacht an ghaelachais agus Athbheochan na Gaeilge.[6] Léiríonn an leabhar seafóideachas lucht na hAthbheochana agus éadóchas lucht na Ghaeltachta.

Tríd an ngreann fíochmhar, tríd an íoróin ghéar, tríd an scigmhagadh agus frithmhagadh agus tríd an áibhéil shamhlaíoch, cruthaíonn an t-úrscéal gearr inléite saol áiféiseach bunaithe ar thuairiscí bréige saobha ar shaol agus ar iompar mhuintir an iarthair tráth dá raibh.[4]An Béal Bocht ábhartha ar an gcúis go bhfuil an t-idéalú den Ghaeltacht mar áit shamhailteach agus den Ghaeilge mar ‘an fhíortheanga’ fós ar bun agus fós á cheartú.

Léirítear ann an baol a bhaineann le mionlach ag leagadh síos treoracha agus rialacha cultúrtha gan sainiúlacht ná indibhidiúlacht an duine aonair a chur san áireamh.

Bochtanas agus cruachas an tsaol sa Ghaeltacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ciallaíonn an frása ‘an béal bocht a cur ort’ go bhfuil tú ag ligeadh ort go bhfuil tú níos boichte[7], agus go bhfuil do shaol níos deacra is níos measa na mar atá. Sa leabhar seo, déanann Myles na gCopaleen magadh agus scigairthris ar na leabhair eile a bhí scríofa faoin saol sa Ghaeltacht. Fiú gur aoir atá ann, bhí an mheas ag Myles na gCopaleen ar na leabhair eile, agus ar shaothar Ó Criomthain go háirithe. Úsáidtear an ghreann chun an téama seo a léíriú, in áit a bheith gruama faoi dhaoine ag fáil bháis, bíonn an léitheoir ag gáire in ainneoin é féin.

An greann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an greann le feiceáil síos tríd an leabhar seo ar fad, agus tá sé fite fuaite leis na téamaí eile. Fiú go bhfuil na téamaí eile sách trom, agus fiú go bhfuil go leor bás, bochtanas agus éadóchas le feiceáil sa leabhar, ní leabhar gruama é in aon chor. Tá stíl cainte aisteach ag Bónapárt, agus tugann sé faoiseamh don léitheoir ón gcruachas atá timpeall air.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh An t-Oileánach (1929) le Tomás Ó Criomhthain i gcion ar an Nuallánach chomh mór sin gur scríobh sé An Béal Bocht mar scigaithris air. Ní fhoilseodh Brún agus Ó Nualláin é nuair nach raibh a léitheoir, Risteárd Ó Foghludha, sásta leis ach d’fhoilsigh an Press Náisiúnta é 3 Nollaig 1941. Moladh go hard é. Díoladh gach cóip den chéad eagrán sin laistigh de shé sheachtain.[8]

Peig Sayers

Leaganacha eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dráma[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stáitsíodh drámaí leis ni 1943, Faustus Kelly sa Mhainistir, agus Insect play, athchóiriú ar dhráma Karel Capek, agus Thirst, sceitse, sa Gheata.[9]

Bhí h leagan stáitse den leabhar le Darach Mac Con Iomaire in 2004 ar cheann de bhuaicphointí a thréimhse siúd sa Taibhdhearc.

Úrscéal grafach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Cló Mhaigh Eo leagan grafach lándaite 100 leathanach den úrscéal amach sa bhliain 2012, leagan cóirithe den leabhar i bhfoirm ghreannáin. Is é Colmán Ó Raghallaigh (Cló Mhaigh Eo) a chóirigh, Breandán Ó Conaire a chuir in eagar, agus is John McCloskey a mhaisigh.

Cartún[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir cuid de na léirítheoirí ón gcomhlacht Raw Nerve Productions eagrán beoite i dtoll a chéile, le tacaíocht ó TG4, buanaithe ar an úrscéal grafach. Fuair sé a chéadchraolachán ar an stáisíuin siúd ar an 25 Nollaig 2017.[1][10]

’Sé Tom Collins a chóirigh an scríbhinn agus a stiúraigh an saothar.  Soláthraíonn sé, agus a chomhghleacaithe, léamh ealaíonta, aduain ar leabhar Bhriain Uí Nualláin. Íomhánna taibhsiúla á dtionlacan ag ceol nuachumtha ó Phól Brennan. ’Siad Seán Mistéal, Donncha Crowley, Tommy Tiernan, Bob Quinn, Pól Ó Gríofa, Mairéad Ní Ghallchóir agus Peadar Cox atá i mbun an ghuthaithe.[1]

Bhuaigh an leagan beochana seo an duais don bheochan is fearr ar an chéad lá d’Fhéile na Meán Ceilteach 2018.[11]

Aistriúchán go Béarla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilsíodh aistriúchán go Béarla faoin teideal The Poor Mouth sa bhliain 1973, agus luaitear Flann O'Brien mar an t-aistritheoir.[12]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Breandán M Mac Gearailt (26 Nollaig 2017). "LÉIRMHEAS: Conas mar a chruthaigh An Béal Bocht ar an scáileán teilifíse?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-15.
  2. Seán Tadhg Ó Gairbhí (1 Aibreán 2016). "Myles na gCopaleen, cothrom lá a bháis – 31 ráiteas fíorGhaelach i dtaobh cheist na Gaeilge ó ‘an fear is fearr in Éirinn’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-15.
  3. Sarah E. McKibben (2003). "An Béal Bocht: Mouthing Off at National Identity". Éire-Ireland 38 (1): 37–53. doi:10.1353/eir.2003.0014. ISSN 1550-5162. 
  4. 4.0 4.1 Brian Ó Conchubhair (3 Nollaig 2016). "An Béal Bocht@75: Bhí sé óg nuair a rugadh é, gan fiú amháin lá féin slán aige!" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-15.
  5. Ó Buachalla, Thaddeus (2015). "An túrscéal iar-nua-aoiseach sa Ghaeilge. PhD Thesis, University College Cork.". Dáta rochtana: 2022.
  6. Aisling Ní Churraighín (2017-10-19). "Béal Bocht an Bhéaloidis: Myles na gCopaleen’s early critique of professional folklore collection" (as ga). COMHARTaighde (3). doi:10.18669/ct.2017.03. ISSN 2009-8626. 
  7. Gaelically Gaelic, essay featuring excerpts
  8. Tá stair an leabhair inste ag Breandán Ó Conaire.
  9. "Ó NUALLÁIN, Brian (1911–1966)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2022-06-15.
  10. Robert McMillen (15 Nollaig 2017). "Dea-scéal ó TG4 do na fíorGhaeil fhíorGhaelacha a bhíonn ag caint fíorGhaeilge Gaelaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-15.
  11. Méabh Ní Thuathaláin (2 Bealtaine 2018). "‘An Béal Bocht’ agus ‘Rocky Ros Muc’ i measc na mbuaiteoirí ag Féile na Meán Ceilteach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-15.
  12. "Flann O'Brien: The Poor Mouth". web.archive.org (2018-08-24). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-08-24. Dáta rochtana: 2022-06-15.