Plé:Brian Ó Nualláin

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Myles na gCopaleen, An Smólach Smug-stiallach, An Muimhneach Measardha, An Mac-tíre Meadhonach, An Mhuc Mhéith, An Cat Críonna, An Briste Leathair, Cú Chulainn, Cat Chonnacht, Beirt Mhairnéalach, Uisce an tSléibhe, An Laighneach Leathan, An Cailín Deas…’

Briain Ó Nolan

1. I lár na hoíche sin is ea a rugadh mise i dtóin an tí. Ní raibh aon choinne ag m’athair liom óir duine cneasta é, agus ní go róchruinn a thuig sé cúrsaí an tsaoil. (An Béal Bocht)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

2. It is common knowledge that certain categories of Irish speakers are boors. They (being men) have nuns’ faces, wear bicycle clips continuously, talk in Irish only about ceist na teangan and have undue confidence in Irish dancing as a general national prophylactic… (Litir chuig an Irish Times)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

3. A knowledge of Irish does not necessarily connote adherence to the social, cultural or political philosophies of any other Irish speaker. (Litir chuig an Irish Times)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

4. ‘Nee doy lum goh wwill an fukal sin ‘meath’ eg un Ahur Padur,’ arsa an Gaeilgeoir go cneasta. (An Béal Bocht)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

5 …an lucht seo atá i mbun na Gaeilge, ní daoine iad. Mar a deirtear sa tuaisceart, tá rud éigin cearr leo… Táid maith ach nílid daonna; táid lán-léite ach nílid oilte; táid in Éirinn ach ní Gaeil iad. Bhfuil Gaeil inniu in Éirinn beo? Tá amhras orm. B’fhéidir gurbh fhearr go mbeadh deireadh lena sliocht. (An Cruiskeen Lawn, an Irish Times, 24/12/1940)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

6. Bhí daoine uaisle le feiceáil anois go minic ar na bóithre, cuid acu óg is cuid acu aosta, ag cur Gaeilge ciotaí dothuigthe ar na Gaeil bhochta agus ag cur moille orthu agus iad ag dul faoin ngort. Bhí an Béarla gallda go líofa ó dhúchas ag na daoine uaisle seo ach ní chleachtaídís an teanga uasal sin i láthair na nGael, ar eagla, dar liom, go bpiocfadh na Gaeil corrfhocal di suas mar dhíon ar dheacrachtaí an tsaoil. (An Béal Bocht)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

7. Bhíodar ag fánaíocht ar fud na dúiche le ‘neoit bocs’ bheaga dhubha go cionn i bhfad sular bhraith na daoine nach pílears a bhí iontu ach daoine uaisle ag iarraidh Gaeilge ár sean agus ár sinsear a fhoghlaim uainn…Tar éis tamaill, ní ón gcéad fháinleog a d’aithin na daoine go raibh an t-earrach tagtha ach ón gcéad Ghaeilgeoir a bhí le feiceáil ar na bóithre. Thugadar sonas agus airgead agus ardscléip leo nuair a thángadar; b’aoibhinn agus ba ghreannmhar na créatúir iad, agus ní dóigh liom go mbeidh a leithéidí arís ann. (An Béal Bocht)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

8. Ní dóigh liom go bhfuil Conradh na Gaeilge dáiríribh i dtaobh na Gaeilge agus is eagal liom nach bhfuil an Ghaeilge dáiríribh i dtaobh an chonartha. Ag magadh faoina chéile atáid araon. (An Cruiskeen Lawn, an Irish Times, 21/12/1940)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

9. ‘A ghaela,’ a dúirt sé, ‘cuireann sé gliondar ar mo chroí Gaelach a bheith anseo inniu ag caint Gaeilge libhse ar an bhfeis Ghaelach seo i lár na Gaeltachta. Ní miste dom a rá gur Gael mise. Táim Gaelach ó mo bhaithis go bonn mo choise – Gaelach thoir, thiar, thuas agus thíos. Tá sibhse go léir fíor-Ghaelach mar an gcéanna. Gaeil Ghaelacha de shliocht Ghaelach is ea an t-iomlán againn. An té atá Gaelach, beidh sé Gaelach feasta. Níor labhair mise, ach a oiread libh féin, aon fhocal ach Gaeilge ón lá a rugadh mé agus, rud eile, is faoin nGaeilge féin a bhí gach abairt dá ndúras riamh. Má táimid fíor-Ghaelach, ní foláir dúinn a bheith ag plé cheist na Gaeilge agus cheist an Ghaelachais le chéile i gcónaí. Ní haon mhaitheas Gaeilge a bheith againn má bhíonn ár gcomhrá sa teanga sin ar nithe neamh-Ghaelacha. An té a bhíonn ag caint Gaeilge, ach gan a bheith ag plé cheist na teanga, níl sé fíor-Ghaelach ina chroí: ní haon tairbhe don Ghaelachas a leithéid sin mar gur ag magadh faoin nGaeilge a bhíonn sé agus ag tabhairt masla do Ghaelaibh. Níl aon ní ar an domhan chomh deas ná chomh Gaelach le fíor-Ghaeil fíor-Ghaelacha a bhíonn ag caint fíor-Ghaeilge Gaelaí i dtaobh na Gaeilge fíor-Ghaelaí. Fógraím an fheis seo anois ar Gael-oscailt. Suas le Gaeil! Go maire ár nGaeilge slán!’ (An Béal Bocht)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

10. …braithim géar-cheangal idir measarthacht agus Gaelachas. Do réir dealraimh, ní minic a d’ardaigh na sean-Ghaeil an ghloine, agus má d’ardaigh, ní raibh ann ach bainne. Ní thuigeadar, is follas, go bhfuil an mheisce ó dhúchas againn agus gur gallda ar fad nós nua seo na measarthachta. An té a bhíonn fíor-Ghaelach go fíor, bíonn sé fíor-ólta – nó fiarach-ólta. D’ólfadh Pádraig Sáirséal oiread stuif in aon oíche is a d’ólfadh comhaltaí go léir an Gallaic Léig le linn bliana. Ní ag moladh ólacháin atá mé ach ag clamhsán i dtaobh aineolais agus galldachais na nGaeilgeoirí. Féach nach ionann Gaelachas agus caolachas. (An Cruiskeen Lawn, an Irish Times, 27/11/1941)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

11. Thit a lán de na Gaeil i laige le hocras agus le tréan éisteachta, agus fuair fear amháin bás Gaelach i lár an chruinnithe. Sea, bhí lá mór cainte againn i gCorca Dhorcha an lá sin. (An Béal Bocht)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

12. Tá cúis na Gaeilge á milleadh, dar liom, ag lucht an Oireachtais agus a leithéidí toisc go gceanglaíd an Ghaeilge leis an gcleasaíocht so ar a dtugtar ‘Gaelachas’. Nach mór an t-iontas a bheadh ar na sean-Ghaeil dá bhfeicfeadh siad cad is ‘gaelachas’ inniu ann? (An Cruiskeen Lawn, an Irish Times, 1/7/1943)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

13. Ar bhealach agus ar bhealach eile, bhíomar ag ligean an tsaoil dínn agus ag fulaingt na hainnise, práta againn corruair, gan aon ní inár mbéal ach milisbhriathra na Gaeilge. I dtaca leis an aimsir féin de, bhí an saol ag dul in olcas… (An Béal Bocht)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

14. Irish is a precise, elegant and cultivated language with a most unusual and curious literature. Your attitude appears to arise from plain ignorance of it, and you get yourself into further trouble by confusing the study of it with the buck-lepping antics of the Gaelic League type of moron (few of whom know Irish properly at all). One should not abstain from champagne simply because the upper flights of prostitutes drink… (Litir mar fhreagra ar Patrick Kavanagh, Kavanagh’s Weekly, 14/6/1952)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

15. CLUICHE NA gCLICHÉ

Cad í an cheist is tábhachtaí ag Gaelaibh?

Ceist na teangan.

Cad í láthair gurb í seo an cheist is tábhachtaí?

Na huaire.

Cad í an cheist eile atá lán chomh tábhachtach?

Ceist na Gaeilge.

Cad nach bhfuil an Rialtas i dtaobh ceist na Gaeilge?

Dáiríribh.

Cad nach bhfuil lucht na n-ollscoil, an Eaglais, an Stát-sheirbhís agus lucht tráchtála i dtaobh ceist na Gaeilge?

Dáiríribh.

Cad nach foláir dúinn go léir a bheith go láidir ar son?

Na Gaeilge

Cad nach foláir dúinn go léir a bheith go láidir ar son?

An Gaelachas.

Cén staid ina bhfuil sinn dóchasach go mairfidh ár nGaeilge?

Slán.

Cad ní, ar mhullach na Gaeilge, ach faoi, a bhíonn na seoiníní ag déanamh?

Magadh.

Cén áit nach foláir duit bheith fíorGhaelach?

Id chroí istigh.

Ach cad a bhíonn gach tosnú?

Lag. (An Cruiskeen Lawn, an Irish Times)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

16. ‘An bhfuilir cinnte,’ arsa mise, ‘gur daoine na Gaeil?’

‘Tá an t-ainm sin amuigh orthu, a uaislín,’ ar seisean, ‘ach ní fritheadh deimhniú riamh air. Ní capaill ná cearca sinn, ní rónta ná taibhsí, agus ar a shon sin is inchreidte gur daoine sinn; ach níl sa mhéid sin ach tuairim.’ (An Béal Bocht)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

17. Tá aon ní a líonann spás chomh hinmholta le aon ní eile. An té atá dáiríribh i dtaobh na Gaeilge ina chroí, is cuma cén saghas ríráiméise a scríobhann sé. (An Cruiskeen Lawn, an Irish Times, 5/12/1940)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

18. ‘An dóigh leat, a sheanóir chóir,’ arsa mise, ‘go mbeidh aon dea-réiteach ar Ghaelaibh choíche, nó an mbeidh againn de shíor an cruatan, an gorta, an fhearthainn oíche agus an mí-ádh?’

‘Beidh sin againn,’ ar seisean, ‘agus fearthainn lae freisin.’ (An Béal Bocht)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

19. Ní raibh an saothar a rinne sé [James Joyce] indéanta ag aoinne ach ag Éireannach agus ar an ábhar san tá an litríocht a d’fhág sé ina dhiaidh níos Gaelaí ná a lán atá againn ó dhaoine nár thuig aon fhocal Béarla…Nuair bhéas údar inchurtha leis ag scríobh i nGaeilge, beidh an teanga mháthartha as baol agus ní bheidh go dtí sin. (An Cruiskeen Lawn, an Irish Times)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

20 …all persons occupying chairs in the National University should be required to prove their proficiency in Irish dancing. Oral Irish is not enough. It should be a strictly foot and mouth policy. (An Cruiskeen Lawn, an Irish Times, 15/3/1943)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

21. Tá cómhothú agam agus cineáltas agam leis an té a chleachtann an Ghaeilge Sheicréideach [rúnda]. Bheadh náire air – mar is cóir go mbeadh – dá dtabharfaí ‘Gael’ air. Níl téarma níos bréine, níos Páidiúla, níos leanbaí, níos ceangailte leis an uile rud atá beag agus suarach sa teanga uilig. (An Cruiskeen Lawn, an Irish Times, 11/5/1943)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

22. Caithfidh tú a bheith páirteach i rincí agus i ‘dturais’ le ‘Gaeilgeoirí’ eile (tae faoin spéir, ballaí Luimnigh agus pógaíocht ar chúl na gcrann). Caithfidh tú bruíonta peile an G.A.A. do fhreastal. Caithfidh tú raiméis agus baois d’fhulaingt go deo má thairgtear duit i nGaeilge iad. Caithfidh tú a bheith cneasta carthanach le gach gam a chuireann Gaeilge ort, is cuma mura bhfuil aithne aige ort. Bí mar sin agus déarfaidh an saol gur Gael thú. (An Cruiskeen Lawn, an Irish Times, 14/5/42)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

23. Is anything good enough if one uses Irish? Is it ordained that only chislers at school must observe the rules? (An Cruiskeen Lawn, an Irish Times, 3/5/1944)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

24. Why go to the trouble of proving that you are Irish? Who has questioned this notorious fact? If after all you are not Irish, who is? (An Cruiskeen Lawn, an Irish Times, 23/10/1944)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

25. Bhíos ag breathnú le déanaí ar liosta de na leabhair atá curtha amach go nuige seo ag an nGúm. Creidim go bhfuil suas le míle teideal acu. Is maith teasmhach an tine a dhéanfadh dhá thrian díobh..

Leis an fhírinne a rá, ní dóigh liom gur cuireadh i gcló in aon teanga riamh ó thús reatha don treibh dhaonna an chomhoiread dramhaíola agus raiméise is a cuireadh i gcló i nGaeilge le fiche bliain anuas… (An Cruiskeen Lawn, an Irish Times, 05/8/41)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

26. You will find a nice leading article in Irish (and on Irish) in every other newspaper in the land on St. Patrick’s Day. This is known as saving-the-language. Throughout the whole year they print nothing but offensive puerilities in Irish, but they make up for it all by this annual leader…The language itself having being ridiculed for a year, is beslobbered with laudatory mucous. (An Cruiskeen Lawn, an Irish Times, 17/03/1941)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

27. Tá litríocht na Gaeilge róchumhra, ró-mhílochtach, rólán den uaisleacht ainglí, róscartha ón ngnáth-choitiantacht bhréagach bhaoiseach dhaonna. Má tá fear liathghnúiseach, bolg-ata, maolchloigneach agus súil-uisceach, tá sé daonna, agus saolta, agus inaitheanta. Ach níl sé Gaelach agus ní bheidh go deo. Níl aon fháinne ar a chóta. (An Cruiskeen Lawn, an Irish Times, 28/12/1940)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

28. It is monstrous. Irish, we are agreed, cannot be revived because it is a babel rather than a language, a welter of shrill provincial jealousies. It requires to be attacked with a sledge-hammer, made simple, uniform and rational. (An Cruiskeen Lawn, an Irish Times, 24/4/1944)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

29. The language has always been bullied by sod-faced University know-alls, who prattle about ‘correctness’ and ‘exactness’ or any other tab they think will justify their picturesque immunity from the hurly-burly of mart and dram-shop. This is of all cancers the most pernicious…Ireland is by far the most over-school-mastered nation in the world… (An Cruiskeen Lawn, an Irish Times 19/4/41)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

30. Ach cheana, tá teoiric agam féin maidir leis an ngeanfhilíocht seo go léir agus nílim róchinnte an raibh cur síos agam uirthi cheana. A leithéid seo – go bhfuil de dheacracht is de chastacht ins na meadarachtaí Gaeilge gur cabhair ó Dhia don fhile an focal bean toisc go bhfuil fuaimeanna éagsúla aige de réir mar is tuiseal de .i. bean, mná, mnaoi, ban; agus dá bhrí sin go gcuireann na filí síos chomh minic ar na mnáibh toisc an triall ceapadóireachta bheith níos fusa. (An Cruiskeen Lawn, an Irish Times)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

31. ‘Whether we get value for all the money spent on Irish, higher learning, and on our university establishments is one question, but that we spend liberally on these things is to our credit and when the great nations of the earth (whose civilisations we are so often asked to admire) are spending up to £100 million (roughly) per day on destruction, it is surely no shame for our humble community of peasants to spend about £2,000 per day on trying to revive a language. It is the more urbane occupation.’ (An Cruiskeen Lawn, an Irish Times)

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

– Foinsí: An Cruiskeen Lawn, The Irish Times; Myles na Gaeilge, Lámhleabhar ar shaothar Gaeilge Bhrian Ó Nualláin (An Clóchomhar) le Breandán Ó Conaire agus An Béal Bocht le Myles na gCopaleen (Mercier), Tuairirsc, Seán Tadhg Ó Gairbhí