Lá na nAmadán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Barnstar, ar Lá na nAmadán

Ar Lá na nAmadán agus Lá na n-Óinseach, bíonn cleasa á n-imirt agus lucht na cleasaíochta i mbun diabhlaíochta, ar mhaithe le giota spraoi. Bíonn amadán Aibreáin a dhéanamh de dhaoine.

Cibearspás[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bíonn an chéad lá d’Aibreán ina ruaille buaille ar líne i gcónaí. Bíonn bréagscéalta ag dul timpeall an Ghréasáin[1].

Eachtraí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • D’fhógair an comhlacht ríomhaireachta Hyperkin ar Lá na nAmadán go raibh siad chun gléas a eisiúint a ligfeadh duit cuma Game Boy a chur ar d’iPhone agus fiú cluichí a imirt ar an ghuthán[2].
  • Thuairiscigh RTÉ go mbainfidh an Túr Solais ó Shráid Uí Chonaill mar chuid de Chomóradh 1916. Dúradh go rabhthas ag iarraidh an tsráid mar a bhí sí sa bhliain 1916 a athchruthú do Sheachtain na Cásca 2016 nuair a bheadh an t-iliomad imeachtaí agus mórshiúlta ar siúl sa chathair.[3]
  • Na 5 Bhob Is Fearr, dár le Nós, sa bhliain 2015[4].

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Scríobh Séamus Ó Beirne dráma sa bhliain 1901, Lá na nAmadán; nó, an t-Oifigeach agus Seaghan Bán[5],[6].

Féach freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Lá na nAmadán…na nGamal?…na nÓinseach?…na bPleidhcí?…na bPleotaí? le Róisín, 30 Márta 2012

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]