Breandán Delap
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1965 60/61 bliana d'aois Gaoth Dobhair, Éire |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | scríbhneoir |
Iriseoir, léirmheastóir agus údar é Breandán Delap. Saolaíodh i nGaoth Dobhair é sa bhliain 1965.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhain sé céim san Oideachas amach ó Choláiste Naomh Muire na Trócaire, Dún Carúin, agus Máistreacht sa Ghaeilge ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Má Nuad. Bhí Delap ina chéad eagarthóir ar nuachtán Gaeilge, Foinse, ó 1996 go 2003.
Fuair sé post mar Chlár-Eagarthóir le Nuacht TG4 ina dhiaidh sin.
Bronnadh Gradam ‘Iriseoir na Bliana’ air faoi bhrat duaiseanna náisiúnta iriseoireachta an BSL sa bhliain 2003 de bharr iniúchadh a rinne sé ar ionsaithe gnéis i gcoláistí samhraidh thar tréimhse 40 bliain.
Sa bhliain 2000 bronnadh Gradam IFTA air don chlár faisnéise Mad Dog Col agus bhuaigh sé an phríomhdhuais don iriseoireacht chlóite in Oireachtas na bliana 1998. Tá sé ina léirmheastóir drámaíochta fosta ag The Irish Times in iarthar na hÉireann.
Tá Delap ina chónaí sa Spidéal.