E. T. A. Hoffmann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
E. T. A. Hoffmann
E. T. A. Hoffmann, autorretrato.jpg
breitheamh

Saol
Ainm iomlánErnst Theodor Wilhelm Hoffmann
Eolas breitheKönigsberg, 24 Eanáir 1776, 1776
Náisiúntachtan Phrúis
BásBeirlín, 25 Meitheamh 1822, 1822
Áit adhlacthaBeirlín
reiligí in Hallesches Tor
Cúis bháisbás nádúrtha (ailse
eitinn)
Muintir
Céile/CéilíMaria Thekla Michaelina Hoffmann (en) Aistrigh
Oideachas
Alma materOllscoil Königsberg
TeangachaAn Ghearmáinis
Gairm
Gairmcumadóir, breitheamh, scigealaíontóir, péintéir, scríbhneoir litríocht pháistí, scríbhneoir, stiúrthóir ceolfhoirne, scríbhneoir scripte scannáin, scríbhneoir ficsean eolaíochta, úrscéalaí, criticeoir ceoil, maisitheoir, dialannaí, léirmheastóir agus stiúrthóir
Saothar iomráiteachUndine (en) Aistrigh
The Devil's Elixirs (en) Aistrigh
The Nutcracker and the Mouse King (en) Aistrigh
Mademoiselle de Scuderi (en) Aistrigh
The Sandman (en) Aistrigh
The Golden Pot (en) Aistrigh
Master flea (en) Aistrigh
GluaiseachtRómánsachas
German Romanticism (en) Aistrigh
romantic literature (en) Aistrigh
SloinnteE. T. A. Hoffmann
Gluaiseacht ealaíneceoldráma
gearrscéal
nóibhille
Uirlis cheoilorgán
IMDbnm0006782
etahg.de
Discogs ID582111
Hoffmann Signature.gif
féinphortráid, timpeall 1800
Hoffmann agus Hippel mar "Castor agus Pollux", Federzeichnung Hoffmanns, 1803

Scríbhneoir, cumadóir, sceitseálaí, dlíodóir, oifigeach cúirte agus breitheamh de chuid na Gearmáine ba ea Ernst Theodor Wilhelm Hoffmann (24 Eanáir 177625 Meitheamh 1822), ar fearr aithne air mar a ainm cleite E.T.A. Hoffmann.

féinphortráid agus scigphictiúr

Dlíodóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is as cúlra dlí a fuineadh Hoffmann; rinne sé staidéar ar an dlí in Ollscoil Königsberg. Chaith sé an chuid is mó dá shaol fásta i sraith post mar dhlíodóir faoi oiliúint nó mar oifigeach i gcúirteanna nó i gcomhlachtaí riaracháin i Königsberg, Glogau (Głogów faoi láthair), Posen (Poznań faoi láthair), Płock, Vársá agus Beirlín, diomaite den tamall a chaith sé mar bhainisteoir amharclainne, léirmheastóir drámaíochta agus drámadóir idir 1808 agus 1814.[1]

'troid in éadan an mhaorlathais sa Phrúis, 1821, le Hoffmann

Sa dara bliain a fuair sé obair sa Kammergericht i mBeirlín agus, sa bhliain 1816, post mar bhreitheamh ar an gcúirt sin, a bhí aige go dtí go bhfuair sé bás.

Mar sin, bhí sé ina bhall de choimisiún imscrúdúcháin i dtaobh daoine a bhí ag cur in éadan rialtas na Prúise. Mar gheall ar an gcodarsnacht idir a phost oifigiúil, ar lámh amháin, agus an bá a bhí aige leis an bhfreasúra agus a chuid scríbhinní aoracha, ar an lámh eile, bhí sé dlite i mbeart smachta, ach bhain a phairilis fhorchéimnitheach mharfach na cosa den bheart sin.

Tá rian a chuid oibre mar bhreitheamh ar roinnt dá chuid saothar, go mór mór ar 𝘿𝙖𝙨 𝙁𝙧𝙖̈𝙪𝙡𝙚𝙞𝙣 𝙫𝙤𝙣 𝙎𝙘𝙪𝙙𝙚𝙧𝙞 (1819) atá suite i bPáras faoi Louis XIV.

Scríbhneoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó cheann ceann a shaoil oibre, lean Hoffmann ar aghaidh lena chuid oibre mar scríbhneoir, cumadóir, maisitheoir is léirmheastóir. Ar an mbealach sin, tháinig sé chun tosaigh mar dhuine de na pearsana ag lár an Rómánsachais Ghearmánaigh, agus tionchar faoi leith aige ar scríbhneoirí ina dhiaidh sin i seánraí na fantaisíochta agus an uafáis.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós Hoffmann Mischa (Maria nó Marianna Thekla Michalina Rorer / Trzcińska) sa bhliain 1802. Tugtha don ól agus cliúsaí ban, bhuail an tsifilis é. D'éag Hoffmann i mBeirlín ar 25 Meitheamh 1822.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2018). "E. T. A. Hoffmann". Dáta rochtana: 2021.
  2. "E. T. A. Hoffmann bibliography" (as en) (2021-01-19). Wikipedia.