Friedrich Schiller
File, drámadóir, aistritheoir, fealsamh is staraí ba ea Johann Christoph Friedrich von Schiller ([joːhan kristɔf friːdʁɪç fɔn ʃɪlɐ], 10 Samhain 1759 - 9 Bealtaine 1805). Rugadh é in Marbach am Necker (Württemberg, an Ghearmáin) agus fuair sé bás in Weimar (Sachsen-Weimar-Eisenach).
Bhí sé ar na dramadóirí Gearmánacha is mó agus is tábhachtaí.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
An Chéad Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí Friedrich Schiller ar an dara páiste ba shine dár rugadh do Johann Georg Schiller a bhí ina oifigeach airn, ina lia arim agus ina phríomhghairdíneoir cúirte i Marbach am Neckar agus dá bhean chéile Elisabetha Dorothea Schiller née Kodweiss. Tábhairneoir agus báicéir ab ea athair Elisabetha. Bhí Friedrich an-mhór lena dheirfiúr Christophine agus í dhá bhliain ní ba shine ná eisean; níor tháinig an chéad bhean den cheathrar deirfiúracha eile chun saoil ach sé bliana i ndiaidh Friedrich, agus fuair beirt acu siúd bás ina bpáistí dóibh. Nuair a fuair an t-athair post earcaitheora san arm, agus é ag freastal ar an obair nua seo i Schwäbisch Gmünd, bhog an teaghlach go dtí Lorch sa bhliain 1764. Nuair a saolaíodh dara deirfiúr Friedrich, Luise, níor mhair an teaghlach i bhfad i Schwåbisch Gmünd: shocraigh siad síos i Ludwigsburg. Sa bhliain chéanna thosaigh Friedrich ag staidéar Laidine sa scoil áitiúil. Ní raibh sé ach trí bliana déag d'aois nuair a bhreac sé síos an chéad dá iarracht drámaíochta a rinne sé: Absalon agus Die Christen ("Na Críostaithe"). Níl teacht ar aon cheann den dá théacs seo a thuilleadh.
D'ordaigh diúc Württemberg do Schiller óg dul ag staidéar sa scoil úd Karlsschule nó Scoil Chathail: bhí an scoil seo ag ullmhú fir óga chun dul sna hoifigigh airm. Níor thaitin athrú seo na scoile le tuismitheoirí Friedrich. Ar dtús dhírigh Schiller ar an dlí mar ábhar staidéir. Cuid den scolaíocht ab ea an druileáil mhíleata, rud nach raibh Schiller sásta leis: bhíodh seisean agus na daltaí eile ag léamh scríbhinní coiscthe faoi choim na hoíche.
Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Drámaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Die Räuber (Na Robálaithe, 1781)
- Kabale und Liebe (Caimiléireacht agus Grá, 1784)
- Don Carlos (1787)
- Wallenstein (1800)
- Die Jungfrau von Orleans (Jeanne d'Arc, 1801)
- Maria Stuart (Máire Stuart, Máire I, Banríon na nAlbanach, 1801)
- Die Braut von Messina (An Bhrídeach ó Messina, 1803)
- Wilhelm Tell (1804)
- Die Huldigung der Künste (Ómós na nEalaíon, 1804)
- Demetrius (neamhchríochnaithe)
Dánta[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Ode an die Freude (Óid don Aoibhneas, 1786)
- Die Kraniche des Ibykus (Craenacha Ibycus, 1797)
- Der Handschuh (An Lámhainn, 1797)
- Das Lied von der Glocke (Amhrán an Chloigín, 1799)
Íomhánna[cuir in eagar | athraigh foinse]
Schiller ag déanamh athris ar a shaothar, Goethe i measc an lucht éisteachta