Pedro Calderón de la Barca
Drámadóir Spáinneach ab ea Pedro Calderón de la Barca y Henao. Thuil Calderón a cháil mar dhrámadóir mar gheall ar fheabhas a chuid filíochta, a struchtúr drámatúil agus doimhneacht a chuid fealsúnachta. Scríobh sé níos mó ná 70 dráma san iomlán.
Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Calderón ar an 17 Eanáir, 1600.
Rugadh agus tógadh é sa phríomhchathair Maidrid. Ba de shliocht Pléimeannach a mháthair agus bhí a athair ina rúnaí sa státchiste.
Ghnóthaigh sé comórtais filíochta agus é ina fhear óg agus cuireadh a chéad dráma "Amor, Honor y poder" ar stáitse i mí an Mheithimh 1623.
Saighdiúireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá sé ráite go raibh sé i seirbhís in arm na Spáinne san Iodáil agus i bhFlóndras idir 1625 agus 1635.
Faoin am go raibh sé sna tríochaidí, aithníodh Calderón mar phríomhdhramadóir na Spáinne.
Chaith sé dhá bhliain san arm 1640-1642, ina Cuirassier (marcshlua, marcoifigeach nó oifigeach ar muin capaill) sa Chatalóin. Sa bhliain 1645, bronnadh pinsean speisialta míleata air mar gheall ar a ghaisce mar shaighdiúir.
Sagartacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tamall de bhlianta ina dhiaidh sin chuaigh Calderón isteach in Ord Naomh Proinsiais. Rinneadh sagart de sa bhliain 1651. As sin amach, dhírigh sé ar shaothair a bhain le miotaseolaíocht agus le creideamh.
Mhair Calderón ar feadh 81 bliana go bhfuair bás ar an 25 Bealtaine, 1681.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia a bhaineann le: Pedro Calderón de la Barca. |