Réabhlóid na hUngáire 1956
| ||||
Cineál | coinbhleacht | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | an Cogadh Fuar | |||
Tréimhse | 23 Deireadh Fómhair - 10 Samhain 1956 | |||
Dáta na bliana | 1956 | |||
Suíomh | Daon-Phoblacht na hUngáire | |||
Tír | an Ungáir | |||
Rannpháirtí | ||||
Meán cumarsáide | ||||
Codanna | ||||
Éirí amach ar fud na tíre i gcoinne an rialtais Daon-Phoblacht na hUngáire agus a bpolasaithe a chuir na Sóivéidí i bhfeidhm ab ea Réabhlóid na na hUngáire 1956 (Ungáiris: 1956-os forradalom nó 1956-os felkelés).
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh réabhlóid oscailte de bharr na mblianta deacra a bhí ag muintir na tíre faoi riail na gCumannaithe[1]. Bhí cúiseanna láidre le fearg mhuintir na hUngáire. Faoin chumannachas cuireadh a reiligiún faoi chois, scriosadh a ngeilleagar agus rinneadh satailt ar a gcearta.
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh an réabhlóid ar an 23 Deireadh Fómhair agus mhair sí go dtí 10 Samhain 1956.
- 23 Deireadh Fómhair:
Tháinig mic léinn amach ar na sráideanna agus leasuithe á n-éileamh acu.
- 26 Deireadh Fómhair:
Ceapadh Imre Nagy (Cumannaí measartha) mar cheannaire in áit Matyas Rakosi (Cumannaí radacach).
- 1 Samhain:
D’fhógair Nagy go mbeadh toghcháin shaora ilpháirtí sa tír agus go raibh an Ungáir ag tarraingt amach as Comhaontú Vársá.
- 4 Samhain:
Oibríocht “Iomghaoth” san Ungáir: Tháinig 6,000 tanc Rúiseach trasna na teorann.
Rinne na Sóivéadaigh ionradh ar na sráideanna i mBúdaipeist.
- Sna laethanta ina dhiaidh:
Maraíodh níos mó na 3,000 duine sa troid.[2]
Rinne Nagy iarracht tearmann a fháil in Ambasáid na hIúgslaive ach gabhadh agus cuireadh chun báis é.
Ceapadh Janos Karar ina áit agus tháinig an tír faoi stiúir na gCumannach arís. Ag an phointe seo cuireadh roinnt leasuithe i bhfeidhm.
Freagairt na Rúise
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí freagairt na Sóivéadach ar ‘Réabhlóid na hUngáire’ ina cheacht do na stáit eile a bhí faoina smacht gan aithris a dhéanamh uirthi. Léirigh freagairt na Rúise nach raibh sí sásta cead a thabhairt do thír ar bith Comhaontú Vársá a fhágáil
mar:
• Bheadh bearna fágtha sa Chuirtín Iarainn agus bheadh sé ní b’fhusa ionsaí a dhéanamh ar an Rúis.
• Teoiric an Domanó ó pheirspictíocht na gCumannaithe. Dá ligfí do thír amháin fágáil bheadh tíortha eile ag súil lena leanúint.
Freagairt an Iarthair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le linn na géarchéime ina dtír bhí muintir na hUngáire ag súil le cuidiú ó thíortha an Iarthair. Níor tháinig, áfach, ach focail agus briathra. Bhí roinnt fáthanna leis sin a bheith amhlaidh:
• Bhí Géarchéim Chanáil Shuais ar siúl agus na cumhachtaí iartharacha gafa léi. Rinne an Bhreatain agus an Fhrainc ionsaí ar an Éigipt mar gur ghlac Uachtarán Nassar na hÉigipte seilbh ar an chanáil (ar leo í) le maoin a sholáthar a rachadh chun tairbhe eacnamaíche na hÉigipte.
• Bhí feachtas toghcháin ar siúl i Meiriceá don uachtaránacht.
• Mhothaigh an tIarthar go mbeadh sé ní ba chontúirtí dúshlán na Rúise a thabhairt in Oirthear na hEorpa ná mar a bheadh sé a ndúshlán a thabhairt san Áise.
Geopholaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Léirigh eachtraí 1956 nach raibh athrú polasaí ar bith ag baint leis an cháineadh a rinne Cruistsiof ar Stailín.
Labhair Cruistsiof faoi cómhaireachtáil shíochánta. Ach i ndáiríre, bhí sé i gceist aige rudaí a fhágáil mar a bhí.
Léirigh imeachtaí i mBeirlín go raibh sé seo amhlaidh.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ St Marys Belfast. "An Cogadh Fuar". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ "Hungary - The Revolution of 1956 | Britannica" (en). www.britannica.com. Dáta rochtana: 2022-11-04.