Jump to content

An Phaistis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Phaistis
پښتو ژبه agus پښتو

Cineálteanga nádúrtha, macraitheanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais39,000,000 (2007)
Grúpa eitneachPaistiúnaigh, Nuristani people (en) Aistrigh, Kalash people (en) Aistrigh agus Burusho people (en) Aistrigh
Stáitan Afganastáin, an Phacastáin, an India, An Bhalúcastáin, an Iaráin, an Táidsíceastáin, an Tuircméanastáin, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Ceanada agus Stáit Aontaithe Mheiriceá
Comhordanáidí34° N, 70° E / 34°N,70°E / 34; 70
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Ind-Iaránacha
teangacha Iaránacha
Eastern Iranian (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Arabach agus script Araibise
Leibhéal leochaileachta1 sábháilte
Cóid
ISO 639-1ps
ISO 639-2pus
ISO 639-3pus
Glottologpash1269
Linguasphere58-ABD-a
Ethnologuepus Cuir in eagar ar Wikidata
ASCL4102 Cuir in eagar ar Wikidata
IETFps Cuir in eagar ar Wikidata

Is í an Phaistis[1] teanga a labhraítear san Afganastáin agus sa Phacastáin.[2] Níl mórán caighdeánú ná saothrú liteartha déanta ar an bPaistis riamh, agus mar sin, is fearr le lucht a labhartha féin PeirsisUrdúis a úsáid mar theanga scríofa. Tá gramadach na Paistise i bhfad níos casta agus níos seanársa ná gramadach na Peirsise.

Aibítir
lámhscríbhinn, timpeall 1850idí
Daonra sa Phacastáin
Canúintí

Baineann an Phaistis leis an gcraobh Oir-Dheisceartach de na teangacha Iaránacha. Is iad na teangacha Iaránacha i Sléibhte Pamir is gaolmhaire léi, cosúil leis an teanga Sarikoli, an teanga Shughni, an teanga Wakhi agus an teanga Munji.

Níl sé soiléir cé mhéad daoine a labhraíonn ó dhúchas í, ach creidtear go bhfuil timpeall 45 milliún acu ann sa Phacastáin, agus 20 milliún san Afganastáin.[3]

Cé go bhfuil stádas oifigiúil ag an bPaistis san Afganastáin, is í an Pheirsis an teanga is mó a úsáidtear san oideachas agus sna nuachtáin sa tír sin.

Labhraíonn na treibheacha fáin sa Phacastáin, in aice le teorainn na hAfganastáine, canúintí Paistise.

Tá stádas áirithe ag an bPaistis sna cúigí Pacastánacha ina labhraítear í - i gCúige na gCríoch Thiar Thuaidh[4] agus i gcríocha na dtreibheacha atá faoi cheannas an rialtais fheidearálaigh.[5] Go praiticiúil, áfach, níl mórán stádais ag an bPaistis sa Phacastáin, nó is iad teangacha oifigiúla an stáit - an Urdúis agus an Béarla - an dá theanga is láidre sa tsochaí. An cineál Paistise a bhíonn le cloisteáil sa Phacastáin, bíonn sí breac le hiasachtaí Béarla agus Urdúise, ní nach ionadh.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Pashto
  2. “Paistis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2022-09-05.
  3. "Pashtuns" (as en) (2026-03-08). Wikipedia.
  4. Béarla: North-West Frontier Province
  5. Béarla: Federally Administered Tribal Areas