An Saíceachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Khanda1.svg

Reiligiún is ea é an Saíceachas a tháinig ar an bhfód i dTuaisceart na hIndia sa chúigiú haois déag. Tá an Saíceachas bunaithe ar theagaisc an Ghurú Nanak, a chuir bun leis an gcreideamh, chomh maith le naonúr gurúnna eile a lean sna sálaí aige. Thairis sin, is gnách leis na Saícigh dearcadh ar a leabhar naofa mar "ghurú beo". Is é an t-ainm a thugann siad ar an scrioptúr seo ná Guru Granth Sahib.

Tá an focal féin SaíceachSikh bunaithe ar an téarma Sanscraite Śiṣya, a chiallaíonn "deisceabal" nó "dalta". Creideann na Saícigh i nDia, a dtugann siad Vāhigurū nó "An Tiarna Iontach" air. An dóigh a samhlaítear Dia do na Saícigh, áfach, níl Sé daonchruthach, nó is féidir a rá gurb ionann É agus an ollchruinne ar fad. Tá blas pandiachais ar an Saíceachas mar sin. Is é an dóigh a lorgann na Saícigh an slánú ná an mharana dhiansmachtúil in ainm Dé.

Caithfidh an Saíceach fíréanta aird a thabhairt ar theagasc na nGurúnna, chomh maith le Gurú Granth Sahib, an "gurú i bhfoirm leabhair", nó scrioptúr naofa na Saíceach. Is éard atá ann ná díolaim téacsanna le scríbhneoirí éagsúla, ar aithin Gurú Arjan Shev, cúigiú Gurú an tSaíceachais, fiúntas reiligiúnda nó morálta iontu. B'é Gobind Singh, an deichiú Gurú, a shocraigh téacs deifnideach an scrioptúir.

Tugtar gurduárá ar an teampall Saíceach, agus caithfidh gach gurduárá Ek Onkar, siombail Dé, a choinneáil le feiceáil, cosúil leis an dóigh a dtaispeánann na heaglaisí Críostaí an chros.

Tá timpeall is míle Saíceach ina gcónaí in Éirinn, an chuid is mó acu sa phríomhchathair agus máguaird. Tá gurduárá acu i nDumhach Thrá, Baile Átha Cliath. I dTuaisceart Éireann, is í Doire an lárionad is mó Saíceachais, nó chuir dornán d'iar-shaighdiúirí Saíceacha a throid in Arm na Breataine fúthu ansin i dtús na bhfichidí.