Jump to content

Comhairle na hEorpa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gan a bheith measctha le: An Chomhairle Eorpach (cinn stáit) agus Comhairle an Aontais Eorpaigh (airí)
Bosca Sonraí EagraíochtaComhairle na hEorpa

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
GiorrúchánCdE agus CoE Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáleagraíocht idir-rialtasach Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilBéarla agus an Fhraincis Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh5 Bealtaine 1949, Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Limistéar oibriúcháinan Eoraip Cuir in eagar ar Wikidata
Ballraíocht46 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
ArdrúnaíAlain Berset (2024–) Cuir in eagar ar Wikidata
Secretary General of the Council of Europe (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataAlain Berset Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Úinéir de
Codanna
an Ríocht Aontaithe (1949–)
Éire (1949–)
an Fhrainc (1949–)
an Iodáil (1949–)
Lucsamburg (1949–)
an Iorua (1949–)
an Danmhairg (1949–)
an Ísiltír (1949–)
an tSualainn (1949–)
an Bheilg (1949–)
an Ghréig (1949–)
an Íoslainn (1950–)
an Tuirc (1950–)
An tSárlainn (1950–1957)
an Ostair (1956–)
an Chipir (1961–)
an Eilvéis (1963–)
Málta (1965–)
an Phortaingéil (1976–)
an Spáinn (1977–)
Lichtinstéin (1978–)
San Mairíne (1988–)
an Ghearmáin (1990–)
an Ungáir (1990–)
an tSeicslóvaic (1991–1992)
an Pholainn (1991–)
an Bhulgáir (1992–)
an tSlóivéin (1993–)
an Liotuáin (1993–)
an Eastóin (1993–)
an tSeicia (1993–)
an tSlóvaic (1993–)
an Rómáin (1993–)
Andóra (1994–)
an Laitvia (1995–)
an Albáin (1995–)
an Mholdóiv (1995–)
an Mhacadóin Thuaidh (1995–)
an Úcráin (1995–)
an Rúis (1996–2022)
an Chróit (1996–)
an tSeoirsia (1999–)
an Asarbaiseáin (2001–)
an Airméin (2001–)
an Bhoisnia-Heirseagaivéin (2002–)
an tSeirbia (2003–)
an tSeirbia agus Montainéagró (2003–2006)
Monacó (2004–)
Montainéagró (2007–) Cuir in eagar ar Wikidata
Táscaire eacnamaíoch
Buiséad496 M€ (2020) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáincoe.int Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: councilofeurope X: coe Bluesky: coe.int Instagram: councilofeurope LinkedIn: council-of-europe Youtube: UCq4KIoyvZXuA7wJJQ2sqv3A Flickr: 28030748@N04 Cuir in eagar ar Wikidata

Is eagraíocht idirnáisiúnta í Comhairle na hEorpa (Béarla; Council of Europe, Fraincis: Conseil de l'Europe) a bhfuil sé mar aidhm shonraithe aici[1] cearta an duine, an daonlathas agus forlámhas an dlí[2] san Eoraip a dhearbhú. Bunaithe sa bhliain 1949, bhí 47 ballstát aici (roimh 2022), le daonra de thart ar 820 milliún. Feidhmíonn sí ó shin le buiséad bliantúil de thart ar 500 milliún euro.[3]

Tá an eagraíocht difriúil ón Aontas Eorpach (AE), 27 náisiún mar bhaill, cé go mba rud furasta an dá fhoras a mheascadh, go páirteach toisc gur ghlac an AE leis an mBratach Eorpach bunaidh a chruthaigh Comhairle na hEorpa sa bhliain 1955,[4] chomh maith le hIomann na hEorpa.[5] Níor tháinig aon tír isteach san AE riamh gan baint a bheith aici le Comhairle na hEorpa.[6]

Agora, Strabourg

Murab ionann agus an AE, ní féidir le Comhairle na hEorpa dlíthe a dhéanamh, ach tá sé de chumhacht aici comhaontuithe roghnaithe idirnáisiúnta arna gcur i bhfeidhm ag stáit Eorpacha maidir le topaicí éagsúla a fhorfheidhmiú.

Is í an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine an foras ab aithnidiúla de Chomhairle na hEorpa. Pléann an Chúirt le cásanna a chuirtear faoina bráid ina líomhnaíonn stáit nó daoine aonair go bhfuil sárú déanta ar na cearta atá daingnithe sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.[7]

Is iad Coiste na nAirí, a chuimsíonn airí eachtracha gach ballstáit, agus an Tionól Parlaiminteach, comhdhéanta de chomhaltaí de pharlaimintí náisiúnta gach ballstáit, dá chomhlacht reachtúil na Chomhairle. Is institiúid neamhspleách é an Coimisinéir um Chearta an Duine laistigh de Chomhairle na hEorpa, a bhfuil sainordú aige feasacht agus meas ar chearta an duine sna ballstáit a chur chun cinn. Tá an tArd-Rúnaí i gceannas ar rúnaíocht na heagraíochta. I measc mórchomhlachtaí eile na Comhairle tá Stiúrthóireacht na hEorpa um Cháilíocht Leigheasra & Cúram Sláinte (SECL) agus Réadlann Chlosamhairc na hEorpa.

Tá ceanncheathrú Chomhairle na hEorpa i Strasbourg na Fraince. Is iad an Béarla agus an Fhraincis an dá theanga oifigiúil. Baineann Coiste na nAirí, an Tionól Parlaiminteach, agus an Chomhdháil úsáid as an nGearmáinis, an Iodáilis agus an Rúisis freisin le haghaidh cuid dá gcuid oibre.

Tá meas ar obair na Comhairle chun cuidiú le mionlaigh náisiúnta a chosaint, troid in aghaidh ciníochais agus seineafóibe, agus caimiléireacht a chomhrac.

Is breathnóir oifigiúil de chuid na Náisiún Aontaithe í Comhairle na hEorpa.[8]

Bunaíodh an Chomhairle tar éis an Dara Cogadh Domhanda trí Chonradh Londan. Tá sé méadaithe ón 9 stát bunaidh (le n-áirítear Éire) go 47 in 2022 agus 46 inniu (in 2026).

Ar an 25 Feabhra 2022, chuir Comhairle na hEorpa ballraíocht na Rúise ar fionraí (lá tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin), agus nuair a d'fhógair an Rúis féin, an 15 Márta 2022, go raibh sí ag imeacht as an eagraíocht, vótáil Coiste na nAirí an lá céanna, d'aon toil, chun deireadh a chur lena ballraíocht go hoifigiúil.

Tá iarratas ballraíochta na Cosaive ag dul chun cinn le blianta beaga anuas — cheadaigh Tionól Parlaiminteach na Comhairle é i mí Aibreáin 2024.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Values" (en-GB).
  2. "BBC News - Profile: The Council of Europe".
  3. Council of Europe, Budget, Retrieved: 21 April 2016
  4. Council of Europe. "The European flag". Retrieved 18 April 2016
  5. Council of Europe. "The European anthem". Retrieved 18 April 2016
  6. Council of Europe. "How to Distinguish Us". Retrieved: 18 April 2016
  7. "Cainteoir líofa Gaeilge tofa mar bhreitheamh sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-04-18). Dáta rochtana: 2024-04-18.
  8. "Intergovernmental Organizations".