Fíon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DeochFíon
Cineáldeoch alcóil choipthe agus alcoholic fruit beverage (en) Aistrigh
Comhábhairfíon dearg, fíon bán agus fíon súilíneach
Tréithe
Dathdearg, bándearg, bán agus flannbhuí

Is deoch meisciúil é fíon a déantar as caora fíniúna agus sú na gcaor eile. Ídíonn giosta an siúcra sna caora agus déanann eatánól agus dé-ocsaíd charbóin de.

Tá stair fhada ag an bhfíon a théann siar na blianta chuig tús na staire scríofa. Is é an t-iarmsma fíona is mó cáil atá ar fáil ón réamhstair ná crúsca fhíon as an 5ú míle roimh Chríost. Ach más é sin an déantán is sine atá fágtha againn ó thraidisiún shaothrú an fhíona, is cinnte go dtéann an cultúir sin i bhfad níos faide siar sa stair ná sin.

Bhí fíon a shaothrú san Ais, san Ioráin, sa tSeoirse agus níos déanaí, san Éigipt chomh maith, ní nach ionadh. Bhí fíon fairsing san Impireacht Rómhánach agus mar gheall ar sin, i mbeagnach gach áit san Eoraip.

Sa lá atá inniu ann, tá fíon á shaothrú i go leor tíortha ar fud an domhain. Tá clú ar tháirgí fíona thíortha na hEorpa: is iad an Fhrainc, an Spáinn, an Ghearmáin, an Ostair, an Ungáir agus an Phortaingéil a shaothraíonn an chuid is mó d'fhíon na hEorpa, agus is ag an Fhrainc atá an sciar is mó den mhargadh.

Tá fíon á tháirgead i dtíortha eile ar fud na cruinne, go háirithe i gCalifornia i Meiriceá Thuaidh, sa tSile agus san Airgintín i Meiriceá Theas, agus san Astráil.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]