Galair agus ionfhabhtuithe gnéastarchurtha

Raon galar ionfhabhtaíoch a tharchuirtear de ghnáth trí thadhall gnéasach, ach uaireanta ar bhealaí eile[1], is ea galair veinéireach nó ionfhabhtuithe ghnéastarchurtha.
Ina measc tá
- SEIF,
- heipitíteas víreasach B (agus C uaireanta),
- sifilis,
- gonairith,
- heirpéas,
- clamaidia
- agus seancar srl.
Trais-seoladh[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is é atá sna galair ghnéastarchurtha (GGT) ná ionfhabhtú a spréitear ó dhuine go duine trí chaidreamh collaí. Baictéir, víris, agus orgánaigh micreascópacha atá san fhuil, sa tseamhan, i sreabháin na colainne, nó a lonnaíonn sa réimse púbasach is cúis leis na GGT.
Ach amháin i gcás SEIF, is féidir cóir leighis a dhéanamh ar thromlach na GGT, chomh luath agus a dhéantar fáthmheas orthu. Is tábhachtach an rud é cóir leighis a fháil go luath mar is féidir leis na GGT buandochar trom a dhéanamh.
Uaireanta eascraíonn riochtaí mar ionfhabhtú peilbheach ainsealach, riochtaí urchóideacha, neamhthorthúlacht, toircheas eicteoipeach, agus ionfhabhtú ar linbh nuabheirthe ó GGT gan chóireáil.
Rangú agus téarmeolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Go dtí na 1990idí, bhí aithne fhorleathan air GGT mar ghalair veinéireacha: sa Laidin is é 'Veneris' an tuiseal ginideach an fhocail 'Venus' ( Gaeilge 'Véineas'), bandia an ghrá a bhí ag na Rómhánaigh. Bhí frása 'galar sóisialta' úsáidte freisin mar sofhriotal.
B'iad na hoifigí sláinte poiblí a thóg isteach an téarma 'ionfhabhtú gnéastarchurtha' (nó IGT) i dtosach.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Go dtí go raibh fáil ag an phobal ar chógais ghnásúla, de gnáth bhí na galair agus ionfhabhtuithe ghnéastarchurtha doleigheasta, agus ní raibh i gceist i gcóir leighis ach fuascailt na siomptóm. Ba é an "London Lock Hospital" an chéad ospidéal deonach, a bhunaíodh sa bhliain 1746, le haghaidh na galair seo a rialú agus a scriosadh
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)