Heirpéas
Jump to navigation
Jump to search
Herpes simplex, ionfhabhtú víreasach a chuireann tús le gríos, agus ina dhiaidh sin cloig bheaga lán de shreabhán a othrasaíonn is a éiríonn ionfhabhtaithe. Dhá shaghas den víreas ann: saghas 1, a chuireann isteach ar na liopaí is an béal, agus saghas 2, a chuireann isteach ar réigiún na mbaill ghiniúna is a tharchuirtear ar mhodh gnéasach. Tarlaíonn ionsaithe athfhillteacha, agus bíonn an víreas ar scor idir na hionsaithe.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |