Imchlúdach víris

Bíonn imchlúdaigh víris ag roinnt víreas (e.g. VEID agus go leor víris ainmhithe) a chlúdaíonn a gcuid caipsidí próitéine cosantacha.[1] Is iondúil go bhfaightear na clúdaigh ó chodanna de na cillscannáin óstacha (fosfailipidí agus próitéiní), ach go gcuimsíonn siad roinnt gliceapróitéiní víreasacha. D'fhéadfadh siad cabhrú le víris córas imdhíonachta an óstaigh a sheachaint. Is féidir le gliceapróitéiní ar dhromchla an imchlúdaigh suíomhanna gabhdóra a aithint agus a cheangal ar scannán an óstaigh.Comhtháthaíonn an t-imchlúdach víris ansin le scannán an óstaigh, rud a ligeann don chaipsid agus an géanóm víreasach an t-óstach a iontráil agus a ionfhabhtú.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-11-10.