Aigéad núicléasach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Léiriú tríphlánach de ADN.

Is éard is aigéid núicléasacha ann ná bithpholaiméirí, nó na bithmhóilíní beaga, atá riachtanach do gach rud beo. Is é an téarma aigéad núicléasach an t-ainm foriomlán ar an aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (ADN), agus aigéad ribeanúicléasach (ARN). Bíonn an dhá shaghas ADN agus ARN i núicléas na cille, agus ARN atá sa núicléas is i gcíteaplasma na cille. As ADN a thógtar na géinte, agus stiúrann ADN déanamh an ARN. Ar a seal, stiúrann RNA déanamh na bpróitéiní.Tá siad comhdhéanta de núicléitídí, arb iad na monaiméirí atá déanta as trí chomhpháirt: peantós, grúpa fosfáite agus bonn nítrigineach. Más riobós comhdhúileach é an siúcra, is ARN (aigéad ribeanúicléasach) an pholaiméir; má tá an siúcra díorthaithe as riobós mar dí-ocsairiobós, is é ADN (aigéad de-ocsaibeanóicineach) an polaiméir.

Is iad na haigéid núicléasacha na cinn is tábhachtaí de na bithmhóilíní go léir. Tá siad seo le fáil go flúirseach i ngach rud beo, mar a chruthaíonn, ionchódálann agus stórálann siad faisnéis ar gach cill bheo de gach orgánach beo ar an Domhan. Ina dhiaidh sin, feidhmíonn siad chun an fhaisnéis sin a tharchur agus a léiriú taobh istigh agus taobh amuigh den núicléas cille — d'oibríochtaí inmheánacha na cille agus ar deireadh thiar don chéad ghlúin eile de gach orgánach beo. Tá an t-eolas ionchódaithe cuimsithe agus tíolactha tríd an seicheamh aigéid núicléasaigh, a sholáthraíonn ord na núicléitídí 'an dréimire taca' laistigh de mhóilíní ARN agus ADN.