Fosfáit

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Ag iompar fosfáití in Metlaoui, sa Túinéis

Salann aigéid fhosfaraigh is ea fosfáit, ag cuimsiú de ghnáth ian teitrihéadrach, PO43-, HPO42- nó H2PO4-. Faightear fosfáití i mianraí éagsúla, apaitít go háirithe, agus déantar iad a thochailt le haghaidh leasuithe talún. Is comhábhar riachtanach de DNA is RNA na fosfáití. Déantar tuaslagáin, ina bhfuil na hiain HPO42- is H2PO4-, a mhaolánú ag pH 7.