Apaitít

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Apaitít

Mianra coiteann fosfáite atá scaipthe go fairsing i gcarraigeacha doigheartha is meiteamorfacha. Is féidir an chuid is mó de na cineálacha a scríobh mar seo: Ca5(PO4)3(OH,F,Cl). Criostalaíonn sí ina priosmaí heicseagánacha le dathanna éagsúla, ach glas den chuid is mó.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Apaitít". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 45.