Lipidí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is téarma leathan é Lipidí nach bhfuil dea-shainithe. Folaíonn an téarma gach móilín atá sailltuaslagtha (lipi-fileach), móilíní atá sa nádúr, mar shampla saillte, céaracha, olaí, colaistéaról, stéarólaí, vitimíní sailltuaslagtha (mar vitaimíní A, D, E and K), monaiglicrídí, déghlicrídí, fosfailipidí, agus eile. Is iad na príomhfheidhmeanna bitheolaíocha atá ag na lipidí ná stóráil fuinnimh, feidhmiú mar chomhábhar structúrach na gcillscannán, agus ach go háirithe gníomhú mar mhóilíní comharthaíochta.

Cé go n-úsáidtear an téarma ‘lipid’ go comhchiallach leis an téarma 'saill' nó 'geir', ní hionann iad, ach is foghrúpa de lipidí iad na saillte agus tugtar ‘tríghlicrídí’ mar ainm ceimiceach orthu. Ná éirí measctha idir ‘tríghlicrídí’ agus aigéid shailleacha! Is lipidí iad na haigéid shailleacha agus a dhíorthacha (ina measc tá trí-, dé-agus monaiglicrídí agus fosfailipidí), maille le meitibilítí eile ina mbíonn meitibilítí le stéaról mar chomhpháirt iontu, mar shampla colaistéaról.Is í an triail eibleachtach an modh garbh le haghaidh láithreachta nó neamhláithreachta lipidí i samplaí a dhearbhú.

Is grúpa ilchineálach é na lipidí de chomhdhúile ceimiceacha agus bíonn go leor feidhmeanna ríthábhachtacha bitheolaíochta ag baint leo ar nós comhábhair struchtúracha i gcillscannáin, stóráil fuinnimh, agus a bheith rannpháirteach i gcumarsáide comharthaíochta.

De réir sainmhínithe leathan, is móilíní beaga hidreafóbachamfaifileach a tionscnaíodh go hiomlán nó i bpáirt as na fo-aonaid bithcheimiceacha nó na “bloic tógála” iad na lipidí: na grúpaí céataicil agus isipréin. Ag úsáid an chur chuige seo, is féidir na lipidí a roinnt in ocht gcatagóir: aicil shailleacha, glicrilipidí, glicreafosfailipidí, sfingailipidí, siúcrailipidí, polaicéatídí (díorthaithe ó comhdhlúthú foaonaid céataicile .) agus lipidí stéaróil agus préanóil (díorthaithe ó comhdhlúthú foaonaid isipréine) Contents [hide]

Cineálacha Lipidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aicéitile sailleacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glicrelipidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glicreafosfailipidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sfingailipidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lipidí stéaróil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lipidí préanóil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Siúcrailipidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Polaicéitídí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feidhmeanna bitheolaíocha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scannáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stóráil fuinnimh agus meitibileacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag comharthú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feidhmeanna eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cothú agus sláinte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]