Edward Jenner

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Edward Jenner, le James Northcote

Lia a saolaíodh i mBerkeley Shasana ab ea Edward Jenner (17 Bealtaine 1749 - 26 Eanáir 1823). I 1796 d'ionaclaigh sé páiste le bolgach bó, agus dhá mhí níos déanaí le bolgach Dé. Níor tholg an páiste an galar marfach seo. Ina dhiaidh sin tháinig vacsaíniú le bheith an-choiteann mar chosaint i gcoinne galar éagsúil.