Noraivíreas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarNorovirus
cuir in eagar
Cineáltacsón Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
ÉifeachtGastaireintríteas Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
eMedicine224225 Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UKNorovirus Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD029322 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0949920 Cuir in eagar ar Wikidata

Víreas coitianta go leor atá sa noraivíreas (norovirus i mBéarla). Tugtar ‘fríd urlacain geimhridh’ nó 'galar urlacain geimhridh' air freisin toisc go mbíonn sé níos coitianta sa gheimhreadh. Is féidir leat é a thógáil ag am ar bith den bhliain, áfach.[1][2]

Meastar gurb é is cúis le 50 faoin gcéad de na cásanna buinní. Is féidir leis an noraivíreas a bheith gránna. Ach ní galar an-tromchúiseach é – bíonn an t-othar i gceart i gceann cúpla lá agus is iondúil go n-imíonn an víris leis féin. Sin ráite, mothaíonn an té a mbíonn sé air an-tinn.[3] Daoine thar 65 agus páistí óga is mó atá buailte leis an vireas.[4]

Norwalk mar 3D
Físeán (i mBéarla)

Scaipeadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

séasúracht láidir
Galarchosc: ag glanadh suas (i mBéarla)

Is féidir leis scaipeadh go han-éasca agus go gasta in aon áit a bhfuil daoine ina gcónaí i ndlúththeagmháil. Scaipeann noraivíreas go héasca in áiteanna poiblí amhail ospidéil, saoráidí cónaithe agus pobail. Is féidir le duine é a thógáil má théann cáithníní beaga urlacain nó caca ó dhuine ionfhabhtaithe isteach ina bhéal. Is féidir leis sin tarlú sna cásanna seo a leanas:

  • Análaíonn duine ar a bhfuil Noraivíreas cáithníní beaga den víreas a análaíonn duine eilse isteach
  • Déantar teagmháil le dromchlaí nó le rudaí ionfhabhtaithe (is féidir leis an víreas maireachtáil lasmuigh den chorp ar feadh roinnt laethanta)
  • itear bia éillithe (mar shampla, mura níonn duine ionfhabhtaithe a lámha sula láimhseálann sé nó sí bia).[1]

Bíonn daoine ionfhabhtaíoch ón uair a thosaíonn na siomptóm go dtí go mbíonn siad imithe ar feadh 48 uair an chloig. D’fhéadfá bheith ionfhabhtaíoch freisin ar feadh tamall gairid roimhe sin agus ina dhiaidh sin.

Ar an drochuair, is féidir noraivíreas teacht ar dhaoine níos mó ná uair amháin, toisc go mbíonn an víreas ag athrú i gcónaí.

Galarchosc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní féidir noraivíreas a sheachaint i gcóna faraor. Chun Noraivíreas a sheachaint

  • Is fearr le daoine ionfhabhtaíocha fanacht sa bhaile. Ná tabhair cuairt go háirithe ar ospidéal, ar shaoráid chónaithe srl. Tá sé seo thar a bheith tábhachtach do dhaoine a oibríonn i gcúram sláinte, i gcúram leanaí nó in ullmhú bia.
  • Coinnigh glan, ag ní lámh go minic. Nigh aon éadaí nó éadaí leapa a d’fhéadfadh a bheith éillithe go leithleach in uisce te. Glan agus díghalraigh aon dromchlaí nó rudaí a d’fhéadfadh a bheith éillithe. (Ná bí ag brath ar ghlóthacha láimhe alcóil, mar seans nach maróidh cuid acu an víreas).
  • . Déan iarracht imeall, hanla sruthlaithe agus suíochán an leithris a choinneáil glan. Dún clár an leithris i gcónaí.[1]

Siomptóim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní théann an víreas i gcion ar gach duine ar an mbealach céanna. Éireoidh formhór na ndaoine tinn faoi cheann lá nó dhó i ndiaidh teacht i dteagmháil leis an víreas agus maireann sé ar feadh 2 nó 3 lá de ghnáth. Ní bhíonn siomptóim ar bith ar roinnt daoine agus mothaíonn siad go breá.[1]

  • D’fhéadfadh go mothódh roinnt daoine nach bhfuil siad istigh leo féin agus go gcaillfidh siad a ngoile.
  • Tagann urlacan nó buinneach ar roinnt daoine, agus tagann urlacan agus buinneach araon ar roinnt daoine.
  • Braitheann roinnt daoine go gcuirfidh siad amach ach nach ní chuireann siad amach i ndáiríre.
  • Tagann fiabhras beag, tinneas cinn, crampaí boilg pianmhara, fuinneamh íseal agus géaga pianmhara ar roinnt daoine.[1] Bíonn pianta i mbaill eile den chorp in amanna.[5]

Leigheas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl aon leigheas air,. Má thagann noraivíreas ort, ba chóir duit fanacht sa bhaile ní mór duit ligean dó a sheal a thabhairt. Ba chóir duit  go leor deochanna glana a ól amhail uisce nó líomanáid réidh.

Ní chuideoidh antaibheathaigh an té a mbíonn tinn.. Go deimhin, d’fhéadfadh fo-iarmhairtí a bheith mar thoradh ar antaibheathaigh lena n-áirítear buinneach. Ciallaíonn sé sin go mbeidh gach duine níos fearr as gan antaibheathaigh mura bhfuil siad de dhíth le haghaidh ionfhabhtú éigin eile.

Ní gá d’fhormhór na ndaoine dul chuig an dochtúir. Is annamh a bhíonn cóireáil ospidéil de dhíth ar dhaoine a bhíonn noraivíreas orthu. Ach má bhí tú an-tinn sular tháinig an t-ionfhabhtú noraivíris ort, féadfaidh sé éirí an-dona. Ba cheart cóir leighis a lorg má bhíonn na siomptóim seo a leanas ort: • cur amach trom • fuil do d’fhaecas (cac) • pian sa bholg • díhiodráitiú.[1]

In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá noraivíreas ar cheann de na frídín boilg is coitianta in Éirinn. Níor taifeadadh an oiread cásanna den noraivíreas le linn 2020-22 mar gheall ar an bpaindéim COVID-19. Ach bhí méadú suntasach tagtha ar líon na gcásanna noraivíreas le linn 2023.[4][6][5][7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 hse.ie. "Bileog eolais d’othair – Noraivíreas". Dáta rochtana: 2024.
  2. "Norovirus" (en). HSE.ie. Dáta rochtana: 2024-01-17.
  3. Alex Hijmans (17 Eanáir 2024). "Ráigeanna báistí agus ráigeanna buinní" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-17.
  4. 4.0 4.1 Michelle NicPhaidin. "Iarrtar ar dhaoine a bheith faicheallach agus ardú tagtha ar chásanna noraivíreas" (gl). www.eirebheo.ie. Dáta rochtana: 2024-01-17.
  5. 5.0 5.1 extrag.ie (2023-03-24). "Molann HSE daoine a bheith airdeallach faoi ‘vomiting bug’" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-01-17.
  6. Nuacht RTÉ (2023-03-21). "Fógra sláinte eisithe faoi leathadh an noraivíris" (as ga-IE). 
  7. "Norovirus cases on the rise in Ireland – HSE" (en). HSE.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-01-17. Dáta rochtana: 2024-01-17.