Fliú paindéime 1918

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Íospartaigh an fhliú i 1918, saighdiúirí Meiriceánacha ón bhFórsa Sluaíochtain, san Ospidéal Champa Airm SAM, Uimhir 45, Aix-les-Bains.

B'ulpóg den fhliú é an Fliú paindéime 1918 (ar a dtugtar de ghnáth an Fliú Spáinneach). Scaip an ráig tógálach seo beagnach chuig ceithre hárda an domhain.

Eipidéimeolaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

taispeántas Red Cross, Washington D.C., 1918

I mbunáit mhíleata i Kansas, bhris ráigeanna ríghéara de chineál fliú amach, a dtuigtear iad níos déanaí a bheith ar na cásanna tosaigh den fhliú Spáinneach[1]. Ach ní fios, de réir easpa fianaise stairiúla agus eipidéimeolaíochta, tír thionscnaimh na paindéime.

An víreas fliú A(H1N1) (fochineál nó sórt fliú) a bhí neamhghnách an-nimhreach agus an-mharfach ar fad, ba chúis leis.

American Red Cross Hospital, 36 Cearnóg Mhuirfean, BÁC sa bhliain 1918

Básanna[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí an paindéim in ard a réime sa bhliain 1918. Mhair an ulpóg tamall fada - ag tosú i Márta 1918 go dtí gur dhíobh sé i Meitheamh 1920.

Scríobh an t-eolaí Matt Hussey[2], "I bpaindéim 1918 fuair 25 milliún duine bás ar fud an domhain". Ach meastar anois gur fuair idir 50 milliún agus 100 milliún daoine bás de bharr an galar[3]. Meastar freisin go raibh an galar ag trian de dhaonra an domhain, sé sin 500 milliún daoine ag an am.

Aosaigh óga sláintiúla ba ea tromlach na n-íospartach, i gcomparáid agus i gcodarsnacht le ráigeanna fliú eile, nuair ba iad na daoine sna grúpaí ‘i mbaol' ná daoine aosta, óga agus mífholláin.

Eanáir 1919 - sochraid i mBéal Feirste, Private Joseph A. McCarthy, Nebraska. Bhí an-sochraid air is cosúil

An paindéim in Éirinn[athraigh | athraigh vicithéacs]

D'éag níos mó ná 20,000 in Éirinn[4]. I gcomparáid, sa bhliain 1916, mharaigh fliú agus na galair thógálacha go léir (cosúil leis an mbruitíneach, fiabhras dearg, triuch, diftéire srl) 2,092 duine[5].

Bhí 40-50 curtha i reilig Ghlas Naíon gach lá i mí na Samhna 1918[6],[7]. Bhí an ráta báis ó 20/1000 i mBéal Feirste go 50/1000 i lár Bhaile Átha Cliath.

Tionchar[athraigh | athraigh vicithéacs]

Daoine mór le rá a d'éag[athraigh | athraigh vicithéacs]

Daoine mór le rá a tháinig slán[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]