Fliú Spáinneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Íospartaigh an fhliú i 1918, saighdiúirí Meiriceánacha ón bhFórsa Sluaíochtain, san Ospidéal Champa Airm SAM, Uimhir 45, Aix-les-Bains.

Paindéim fliú[1] ollmhór, idir Feabhra 1918 agus Aibreán 1920, ab ea an Fliú Mór, nó an Fliú Spáinneach. Scaip an phaindéim ar fud an domhain agus fuair 17 milliún bás dá bharr ar a laghad, ach b'fhéidir i bhfad níos mó, agus níos mó ná a maraíodh sa gCéad Chogadh Mór óna thús go dtína dheireadh.[2]. Bhain an phaindéim sin craitheadh uafásach as an domhan.[3]

Eipidéimeolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

taispeántas Red Cross, Washington D.C., 1918

An víreas fliú A(H1N1) (fochineál nó sórt fliú) a bhí neamhghnách agus an-mharfach ar fad, ba chúis leis.

Ní fios, de réir easpa fianaise stairiúla agus eipidéimeolaíochta, tír thionscnaimh na paindéime i ndáiríre. Dúradh gur i gcampa airm a thosaigh sé sna Stáit Aontaithe – in áit a dtugtar Fort Riley, Kansas, air.[4]

Chruthaigh daoine eile ó shin go raibh sé tosaithe le tamall roimhe i gcampa airm in Etaples sa bhFrainc. Campa a bhí ansiúd a raibh 100,000 saighdiúir ag dul tríd chuile lá. Ach bhí teoiric eile ann gur as an tSín a scaip an Fliú Spáinneach go Meiriceá agus as sin go dtí an Fhrainc.

Ainmníodh é An Fliú Spáinneach mar gur tugadh níos mó poiblíochta dó sa Spáinn i dtús aimsire ná a tugadh i dtíortha eile. Ní raibh aon chinsireacht mhíleata sa Spáinn mar ní raibh an tír sa gcogadh.

American Red Cross Hospital, 36 Cearnóg Mhuirfean, BÁC sa bhliain 1918

Básanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh an t-eolaí Matt Hussey[5], "I bpaindéim 1918 fuair 25 milliún duine bás ar fud an domhain". "40 milliún" a scríobh Seosamh Ó Cuaig.[3] Ach b'fhéidir gur fuair idir 50 milliún agus 100 milliún daoine bás de bharr an galar[6]. Meastar go raibh an galar ag trian de dhaonra an domhain, sé sin 500 milliún daoine ag an am.

Aosaigh óga sláintiúla ba ea tromlach na n-íospartach, i gcomparáid agus i gcodarsnacht le ráigeanna fliú eile, nuair ba iad na daoine sna grúpaí ‘i mbaol' (ná daoine aosta agus mífholláin).

Eanáir 1919 - sochraid i mBéal Feirste, Private Joseph A. McCarthy, Nebraska. Bhí an-sochraid air is cosúil

An phaindéim in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éag níos mó ná 20,000 in Éirinn[7], 23,000 b'fhéidir[8]. I gcomparáid, sa bhliain 1916, mharaigh fliú agus na galair thógálacha go léir (cosúil leis an mbruitíneach, fiabhras dearg, triuch, diftéire srl) 2,092 duine[9].

Ina ráigeanna a tháinig an Fliú Mór in Éirinn– trí cinn acu[10]. Cathair Bhéal Feirste ba mheasa a bhí buailte ag an gcéad ráig a tháinig i ndeireadh an Earraigh 1918.[11][12][13][14]

Faoi Shamhain a tháinig an ráig ba mheasa. Bhí 40-50 curtha i reilig Ghlas Naíon gach lá i mí na Samhna 1918[15],[16]. Bhí an ráta báis ó 20/1000 i mBéal Feirste go 50/1000 i lár Bhaile Átha Cliath.

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Éireannaigh a d'éag[cuir in eagar | athraigh foinse]

Daoine mór le rá a tháinig slán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "pandemic - Aistriúchán Gaeilge ar pandemic (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2020-11-14.
  2. Fuair naoi milliún saighdiúir bás i machaire an áir, agus d'éag na milliúin sibhialtach chomh maith. Ó thosaigh an Cogadh, fuair níos mó ná 16 mhilliún bás, lena n-áirítear tuairim agus 7 milliún sibhialtach
  3. 3.0 3.1 Seosamh Ó Cuaig. "Ón bhfliú Spáinneach go dtí fliú na bhfear…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-15.
  4. lch 49, http://centenaries.ucd.ie/wp-content/uploads/2015/04/83980-UCD-Decade-of-Centenaries_A5-IRISH_FA_download_v2.pdf
  5. Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
  6. Johnson N.P., Mueller J. « Updating the accounts: global mortality of the 1918-1920 “Spanish” influenza pandemic. », Bull Hist Med., printemps 2002, 76(1), p. 105-15. pmid:11875246
  7. "Greatest killer of the twentieth century: the Great Flu of 1918–19". History Ireland (2013-03-05). Dáta rochtana: 2020-11-15.
  8. Mártan Ó Ciardha. "Ag póirseáil dom sna sean-nuachtáin, ghreamaigh mo shúile d’eagrán an Kerryman an 26 Deireadh Fómhair 1918" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-15.
  9. cso.ie. "An Saol in Éirinn sa bhliain 1916 - CSO, lch 34". Dáta rochtana: 2020.
  10. Fri, 14 Sep, 2018 - 01:00 (2018-09-14). "The deadly trail of the Spanish Flu through Ireland in 1918" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2020-11-15.
  11. Pádraic Tom Bán Breathnach (2018). "An Fliú Mór 1918-19" (in ga). 
  12. S Ó Tuairisg; Cormac O Breisleáin (1972-08-22). "Agallamh le Cormac Ó Breisleáin (22/08/1972)" (in ga) Luann Ó Breisleáin gur bhásaigh na céadta i gceantar Ghaoth Dobhair ón bhfliú mór a bhí ann i ndiaidh dheireadh an Chogaidh Mhóir. I roinnt cásanna fuair níos mó ná duine amháin as an teaghlach céanna bás.. 
  13. Seán Ó Súilleabháin; An Fliú Spáinneach. "Cailleadh cheithre dhuine dhéag leis an fliú Spáinneach i mBéal Átha an Ghaorthaigh i 1919.". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2020-11-15.
  14. Donncha Ó hEallaithe (2018). "An Connacht Tribune 1918" (in ga). 
  15. Joe Joyce. "November 9th, 1918: Relief as deaths from 1918 Spanish flu epidemic began to decline" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-11-14.
  16. Pádraig Yeates - A City in Turmoil – Dublin 1919–1921: The War of Independence