Sigmund Freud

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Sigmund Freud
Sigmund Freud, by Max Halberstadt (cropped).jpg
Voice
ollamh

Saol
Ainm iomlán Sigismund Schlomo Freud
Eolas breithe Příbor (en) Aistrigh, Bealtaine 6, 1856
Náisiúntacht An Ostair-Ungáir
Republic of German-Austria (en) Aistrigh
First Republic of Austria (en) Aistrigh
Federal State of Austria (en) Aistrigh
Gearmáin na Naitsithe
An Ríocht Aontaithe
Áit chónaithe Vín
Londain
Teanga dhúchais An Ghearmáinis
Bás Londain, Meán Fómhair 23, 1939
Áit adhlactha Golders Green Crematorium (en) Aistrigh
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás Eotanáis (laryngeal cancer (en) Aistrigh)
Muintir
Athair Jacob Freud
Máthair Amalia Freud
Céile/Céilí Martha Bernays (en) Aistrigh  (1886 -  Meán Fómhair 23, 1939)
Páistí
Siblíní
Teaghlach
Oideachas
Alma mater Ollscoil Vín
Mic léinn dochtúireachta Otto Gross
Moshe Wulff (en) Aistrigh
Teangacha An Ghearmáinis
Múinteoirí Carl Friedrich Wilhelm Claus
Alois Pokorný (en) Aistrigh
Ernst Wilhelm von Brücke (en) Aistrigh
Ambroise-Auguste Liébeault (en) Aistrigh
Jean-Martin Charcot
Theodor Meynert (en) Aistrigh
Gairm
Gairm síocanailísí, néareolaí agus scríbhneoir aistí
Áit oibre Londain agus Vín
Fostóirí Ollscoil Vín
Saothar iomráiteach Léirmhíniú Aisling
Civilization and Its Discontents (en) Aistrigh
Totem and Taboo (en) Aistrigh
Trí Aiste ar Theoiric na Gnéasachta
The Ego and the Id (en) Aistrigh
Duais
Ainmníodh é/í le haghaidh
Ballraíocht Cumann Ríoga
Creideamh
Reiligiúin An tAindiachas
IMDb nm0294438
FreudSignature.svg
1866 (8 bliain d'aois) lena n-athair

Dochtúir leighis a mhair i Vín na hOstaire ab ea Sigmund Freud (6 Bealtaine 1856 - 23 Meán Fómhair 1939). Bhí Freud ina theiripí agus néareolaí. Ba é a chuir tús leis an tsíocanailís a leagann béim ar na gnéithe neamhchomhfhiosacha an duine.

Freud in aois a 16 bliana in éineacht lena mháthair, Amalia
teach ina chónaigh sé .. Berggasse 19, Vín

Smaointe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Freud ag Ollscoil Clark i Meiriceá sa bhliain 1909. Tá sé ina shuí ar chlé, bata ina lámh. Carl Jung ar dheis.

Ba é barúil Freud go mbíonn brú faoi chois á dhéanamh ar chodanna áirithe d'intinn an duine ar neamhchead don duine féin:[1]

'I nóchaidí an naoú haois déag, tháinig Freud ar an tuairim go raibh cuimhní ag othair leis a bhain leis an am nuair a bhí siad ina bpáistí óga, agus go raibh na cuimhní sin brúite faoi chois. Ní hé go raibh na cuimhní dearmadta, ach bhí siad brúite siar isteach sa chuid sin den intinn ar thug Freud an “neamh-chomhfhios” air. Tá an coincheap de “bhrú faoi chois” lárnach i gcóras na síocanailísee mar atá léis an neamhchomhfheasa. Ní hann don tsíocanailís gan iad'.[2]

1920, Hague

Rianann Freud na cuimhní coscracha seo siar go dtí fás an linbh. Is ionann an fás sin, dar leis, agus eagrú ar mhiangais an duine i leaba a chéile. Próiseas corraitheach atá anseo a chuireann comhdhéanamh na suibiachta soir siar dá buíochas.[1] Creidtear de réir na síocanailíse gurb é coimpléasc Éadapas thar aon rud eile a chloíonn teacht aniar na suibiachta.

Céimeanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is leis an úd a thosaíonn an leanbh sa saol, fuinneamh ar bhunús leis ná tréith an ghnéis agus tréith an fhoréigin. Mar a théann an páiste ar aghaidh, is de réir a chéile a fhaigheann sé tuiscint níos fearr ar an saol, agus tagann an mise (nó féin) chun cinn. Is é an mise tréith réasúnta loighciúil sa duine.

Níos déanaí arís, tagann an barrmise chun solais. Is cosúil leis an gcoinsian é an barrmise (nó sárfhéin), mar go mbaineann sé le cuidiú le daoine eile agus gan dochar a dhéanamh dóibh, mar shampla.

Tá dlúthbhaint ag na céimeanna seo le fás corportha an pháiste, agus leis an dul chun cinn a dhéanann sé le hábhar a ghrá agus a ghnéis, de réir cuid leabhar Freud.

1926

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh Freud leabhar tábhachtach sa bhliain 1899, dar teideal an Léirmhíniú Brionglóidí.[3]

Scríobh Freud ar ghnéas an oideachais i leabhar dar teideal Trí Aiste ar Theoiric na Gnéasachta (1905).

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuail ailse géill Freud sna 1930idí. Ró-phianmhar & míchompordach, thug a chairde ródháileog moirfín dó faoi dheireadh. Fuair Freud bás (eotanáis) i Londain, Sasana ar an 23 Meán Fómhair 1939.

lámhscríbhinn

Tuilleadh léitheoireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Insíonn an leabhar, An Dochtúir Áthas, le Liam Mac Cóil, scéal faoi fhear atá ag freastal ar shíocanailísí. Ní luaitear ainm an fhir seo san úrscéal nó ní thugtar mórán eolais faoi Mar úrscéal a bhfuil saol Sigmund Freud mar ábhar aige, luaitear teoiric Fhreudach féin go minic.[4]
  • Tóraíocht an Mhíshonais: Príomhchoincheapa Freud agus Jung, le Pádraig Mac Fheargusa, Coiscéim, 1997
  • The Life and Works of Sigmund Freud, Ernest Jones, Edited and Abridged in One Volume by Lionel Trilling and Steven Marcus, Basic Books, New York, 1961 (Beathaisnéis Freud as Béarla ón chomhghuaillí Jones)
  • Céad bliain de Sigmund Freud, as Béarla
  • An Dochtúir Áthas, Liam Mac Cóil, Leabhar Breac, 1994 (úrscéal a phléann an tsíocanailís agus gnéithe de shaol Freud)
  • Freud: A Life for Our Time Peter Gay
  • The Assault on Truth: Freud's Suppression of the Seduction Theory Jeffrey Masson
  • The Standard Edition of the Complete Psychological Works of Sigmund Freud James Strachey a d'aistrigh go Béarla

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 John Woods (2014). "Nua Aois 2014". Dáta rochtana: 2021.
  2. Liam Mac Cóil (1998). "An Chritic". in 'Téacs agus Comhthéacsː Gnéithe de Chritic na Gaeilge', le M. Ní Annracháin Cló Ollscoile Chorcaí. 
  3. "The Interpretation of Dreams" (in en) (2019-08-29). Wikipedia. 
  4. Ó Buachalla, Thaddeus (ucc.ie) (2015). "An tÚrscéal iar-nua-Aoiseach sa Ghaeilge". Dáta rochtana: 2021.