An Dochtúir Áthas
| Cineál | saothar liteartha |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Údar | Liam Mac Cóil |
| Teanga | an Ghaeilge |
| Foilseachán | 1994 |
| Seánra | úrscéal |
Is úrscéal é An Dochtúir Áthas le Liam Mac Cóil (Leabhar Breac 1994, ISBN 1-898332-00-2). A chéad úrscéal a bhí ann. Ba é an leabhar seo an chéad leabhar Gaeilge a cuireadh ar ghearrliosta The Irish Times Literary Awards.[1] Pléann An Dochtúir Áthas le cúrsaí sícanailíse agus an gaol idir dochtúir agus cliant. Is iomaí leibhéal brí atá san úrscéal áfach. Tá greann sa scéal freisin.[2]

An scéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Insíonn an leabhar scéal faoi fhear atá ag freastal ar shíocanailísí. Ní luaitear ainm an fhir seo san úrscéal nó ní thugtar mórán eolais faoi seachas roinnt mionrudaí, mar shampla, gur fear cuíosach óg é a oibríonn in oifig.[3]
Tosaíonn an leabhar le brollach ina bhfuil cur síos ar chomhrá idir an reacaire seo agus a ghnáthdhochtúir. Cuireann an dochtúir seo é chuig an síocanailísí, an Dochtúir Áthas, toisc go bhfuil galar air “nach bhfuil aon ainm air. Ná níl aon airí ag gabháil leis”.
Ní fhaightear eolas ach oiread faoina fhadhb shíciatrach nuair a théann sé chuig an Dr Áthas ach gur ‘cás clasaiceach’ é agus go raibh sé á shéanadh, ag éalú ón admháil go bhfuil aon rud air. Ar feadh na ndeich seisiún ag a bhfreastalaíonn an reacaire ar an Dr Áthas, ní chuirtear aon cheist air faoina chuid mothúchán nó a chuid fadhbanna.[3]
Ní lorgaíonn an dochtúir eolas ar bith uaidh faoina shaol. Ina ionad sin tugann sé scéalta dó agus seinneann sé ceol.
Cé nach bhfuil mórán ráite sa leabhar faoin ngalar intinne seo atá ar an reacaire, feictear go hindíreach go bhfuil a chuid fadhbanna féin ag an Dr Áthas.
Tugtar leideanna don léitheoir ar fud an leabhair faoi shaol Áthais agus faoi na cúiseanna a bhfuil fadhbanna aige ach ní deirtear é os aird riamh. Is scéal é, mar sin, atá leathinste ag reacaire gan ainm agus atá curtha le chéile le tagairtí liteartha agus ceoil.
Mar úrscéal a bhfuil saol Sigmund Freud mar ábhar aige, luaitear teoiric Fhreudach féin go minic.[3]
Moladh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dar le Pearse Hutchinson san RTÉ Guide, seo "ceann desna húrscéalta is dea-scríofa, is difriúla, is spéisiúla — in aon fhocal amháin, is fearr — a foilsíodh in Éirinn le fada an lá. Coinnítear ar bís thú ó leathanach go leathanach."
Dúirt Caoimhe Nic Cába ar Scéal Éireann gur "Scéal soifisticiúil, nua-aimseartha" a bhí ann.
San Irish Times, rinne Seosamh Ó Murchú cur síos air mar: "A challenging work which incorporates elements of the best detective writing, large chunks of anaysis concerning Freud and psychonanalysis... some hilarious and delightfully sharp literary and other references as well as plain good fun."
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Gearailt Mac Eoin. "An Dochtuir Athas, by Liam Mac Coil (Leabhar Breac, £6)" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-09-23.
- ↑ "Anna Heussaff" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-09-23.
- 1 2 3 Ó Buachalla, Thaddeus (2015). "An tÚrscéal iar-nua-Aoiseach sa Ghaeilge". Dáta rochtana: 2021.