Jean Martin Charcot
Paiteolaí Francach a rugadh i bPáras ab ea Jean-Martin Charcot (29 Samhain 1825 – 16 Lúnasa 1893). Rinne sé taighde ar ghalair néareolaíocha ainsealacha. Duine de bhunaitheoirí na néareolaíochta. Rinne sé staidéar eolaíoch ar hiopnóis. In omós dó, tugtar alt Charcot ar an mbealach a meathann ailt i gcineálacha áirithe galar néareolaíoch.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |