Eugen Bleuler

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEugen Bleuler

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith30 Aibreán 1857
Zollikon, An Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Iúil 1939
82 bliana d'aois
Zollikon, An Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthacantún Zürich Cuir in eagar ar Wikidata
Uachtarán Ollscoil Zürich
1924 – 1926 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Zürich Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaJean-Martin Charcot
Áit chónaitheZürich
Gníomhaíocht
Réimse oibreSíciatracht
Suíomh oibre Zürich Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmsíciatraí, dochtúir leighis, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Zürich Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Faoi thionchar
TeangachaAn Ghearmáinis
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaCarl Jung, Hermann Rorschach agus Sabina Spielrein
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileHedwig Bleuler-Waser Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteManfred Bleuler Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Find a Grave: 167297741 Cuir in eagar ar Wikidata
timpeall 1890

Bhí Paul Eugen Bleuler (30 Aibreán 1857 - 9 Feabhra 1940) ina shíciatraí san Eilvéis. Chuir sé go mór le tuiscint ghalair intinne agus d’ainmnigh sé an galar scitsifréine in alt dar teideal Dementia Praecox oder Gruppe der Schizophrenien sa bhliain 1911.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

circa 1900

Rugadh Bleuler i mbaile beag, Zollikon, in aice le Zürich. Bhain sé céim amach sa leigheas in Ollscoil Zürich sa bhliain 1881 agus lean sé lena chuid staidéir i bPáras, Londain agus München sular fhill sé ar Zürich mar intéirneach in Burghölzi, otharlann ollscoile.

Sa bhliain 1886 rinneadh stiúrthóir de i dteach na ngealt ag Rheinau, agus thug sé faoi ag feabhsú chúraim na hothair. Tugadh faoi ndeara a thionchar ar an tseirbhís agus d'fhill sé ar Burghölzli sa bhliain 1898 mar stiúrthóir, áit ar fhostaigh sé Carl Jung mar intéirneach.

reilig Zollikon

Chum sé an téarma 'scitsifréine' don ghalar intinne ("Néaltrú Praecox" an téarma go dtí an t-am sin). Thuig sé nach raibh néaltrú i gceist agus nár thosaigh sé sna hóig (Praecox) i gcónaí. As Gréigis, ciallaíonn Schizo deighilt agus ciallaíonn Phrene intinn.

Dúradh freisin gurb eisean a chum an téarma uathachas in alt a foilsíodh sa bhliain 1912.

Deirtear gur músclaíodh a shuim sna hábhair seo de bharr ghalair intinne a dheirfiúr. Lean a mhac, Manfred Bleuler, ar aghaidh lena shaothar tar éis a bháis. Bhí Eugen Bleuler den tuairim nach raibh deighilt shoiléir idir galar intinne agus intinn fholláin in ainneoin go raibh a mhalairt de thuairim coitianta lena linn.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]