Uathachas
Mí-ord le fadhbanna iompair agus teanga is ea an t-Uathachas,[1] nó riocht ina bhfeidhmíonn duine go mínormálta in idirghníomhú sóisialta, le hiompar athdhéanta is cumarsáid fhabhtach, a thosaíonn roimh 3 bliana d'aois.
Ní fios cad is cúis leis, agus tá taighde, taighde géiniteach mar chuid de, ar siúl ar fud an domhain chun tuiscint a fháil air.
Ceiliúrtar Lá Domhanda Feasachta ar Uathachas.ar an 2 Aibreán gach bliain.[2]


Tréithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bíonn raon leathan intleachtachta ag páistí uathacha, agus braitheann an toradh don pháiste ar na háiseanna foghlama a chuirtear ar fáil dó. Is féidir le 80% de na páistí cúram a thabhairt dóibh féin nuair a fhásann siad suas.
Is iad trí príomhtréithe an uathachais ná:
- Easpa idirghníomhaíocht shóisialta
- Easpa nó moill in úsáid teanga
- Suim thar fóir i rudaí ar leith
Ní mí-ord de chineál amháin atá i gceist, áfach. Labhraítear faoi speictream mí-oird an uathachais. Is féidir na mí-oird a rangú de réir cé chomh dona is atá siad. Sampaí is ea
- Uathachas leanbaí
- Siondróm Asperger

Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'é Leo Kanner, síciatraí páistí Ostarach a d'oibrigh sna Stáit Aontaithe (agus a rugadh san Ostair i 1894), a thug an chéad chur síos ar airíonna an uathachais. D'fhoilsigh sé páipéar tábhachtach, Autistic Disturbances of Affective Contact, i 1943, agus b'é seo bunús ar staidéar eolaíoch faoin t-uathachas, in éineacht le hobair Asperger.
D'úsáid Lorna Wing an téarma "siondróm Asperger" don chéad uair i 1981. Ba phéidiatraí ón Ostair Hans Asperger a rinne an chéad chur síos ar an siondróm ina thráchtas dochtúireachta i 1944. Die Autistischen Psychopathen a thug sé air. I rith na 1940í, rinne Asperger staidéar ar ghrúpa buachaillí a bhí difriúil ó thaobh iompar pearsanta de, i gcomparáid le leanaí eile. Bhí fadhbanna teagmhála is sóisialta acu a bhí cosúil le leanaí le huathachas ach ní raibh na fadhbanna urlabhra is teanga a baineadh le huathachas acu.
Cé gurbh Ostaraigh an bheirt acu, níor bhuail siad riamh le chéile.
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá uathachas ar dhuine as gach scór páistí scoile, de réir na bhfigiúirí sa bhliain 2024 ón Roinn Oideachais, ar méadú faoi thrí é le beagnach deich mbliana.[2] (Mheas Matt Hussey in 2011 go mbaineann sé le páiste amháin as 2,000 san Iarthar, agus 4 oiread níos minice i mbuachaillí ná cailíní).[4] Deir síceolaithe go bhfuil trí phríomhchúis leis an méadú sin, mar atá,
- tuiscint níos fearr i measc an phobail ar an ní is uathachas ann,
- diagnóisiú níos fearr, agus
- tuilleadh comharthaí sóirt a bheith á gcur san áireamh nuair atá daoine á measúnú.[2]
Bhí imní in Éirinn faoin vacsaín MMR (Bruitíneach, Leicneach agus Bruitíneach Dhearg) tar éis "staidéar" ón Dr. Andrew Wakefield sa Ríocht Aontaithe sa bhliain 1998 faoin gceangal idir an t-uathachas agus an MMR. Ach tá a fhios againn inniu nach bhfuil baint ar bith ann idir an t-uathachas agus an vacsaín[3].
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, autism
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Máire Ní Bhraonáin / Nuacht RTÉ (2025-04-02). "Lá Domhanda Feasachta ar Uathachas: léirsiú lasmuigh den Dáil" (as ga-IE).
- ↑ 3.0 3.1 Vaxxed: From Cover-up to Catastrophe (2016) Information for parents http://www.immune.org.nz/sites/default/files/resources/Written%20Resources/ConcernVaxxedImac20170421V01Final.pdf Curtha i gcartlann 2018-02-18 ar an Wayback Machine
- ↑ Hussey, Matt- Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)