Hipirghníomhaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le hipirghníomhaíocht[1][2] ná iompar róghníomhach neamhrialaithe, in eindí le heasnamh airde agus dianmhachnaimh ar thasc ar leith. Feictear níos minice i measc leanaí ná daoine fásta í, agus tugtar neamhord hipirghníomhaíochta easnamh airde (ADHD) uirthi. Is féidir go mbeidh sí mar thoradh ar ghortú inchinne. Braitheadh í i bpáistí uathacha, páistí imníocha, páistí le hipirtíoróideacht, daoine le scitsifréine chatatónach, agus daoine a d'fhulaing einceifilíteas san eipidéim a tharla díreach i ndiaidh an chéad chogadh domhanda.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “hyperactivity” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “hyperactivity — Aistriúchán Gaeilge ar hyperactivity (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-06-26.
  3. Hussey, Matt (2011). "Hipirghníomhaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 348.