Scitsifréine
Is galar millteach meabhrach é scitsifréine agus neamhord néarafhorbatha.[1][2] Is riocht athlastach é san inchinn ach níl tuiscint iomlán ar an gcúis [3]
Is iad na siomptóim a bhaineann léi, dímhothú, siabhráin, maolú mothúchán, glórtha inmheánacha á gcloisint, srl.
Tosaíonn an scitsifréine go minic nuair a bhíonn duine sna fíchidí.
Tagann ainm an ghalair ó dhá fhocal sa tSean-Ghréigis 'scitsi' (σχίζειν, "scoilt") agus 'fréin' (φρήν, φρεν-, " meabhair").
Cúiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cheaptaí fadó gur easpa cumarsáide sa teaghlach ba chiontach leis an scitsifréine. Ach is cinnte anois gur galar intinne í.[4]
Tá baint ag a lán cúinsí leis an ngalar, b'fhéidirː géinitic, cúram réamhbhreithe, tógáil, tosca timpeallachta agus saol uirbeach, bochtanas, caitheamh drugaí agus alcóil, agus mar sin de.[5] Tá níos mó fear buailte ná mná.
Fás an fhéatais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Uaireanta cuirtear síolta an ghalair le linn fás an fhéatais sa bhroinn, De réir mar a fhorbraíonn an féatas, fásann néaróga tríd an mbánábhar san inchinn, agus trí phláta fonéarógach idir an bánábhar is an liathábhar, chun ceangail a dhéanamh i liathábhar na coirtéise.
De ghnáth, bíonn cealla comharthaíochta sa phláta fo-néarógach a threoraíonn an fás seo, ach bíonn easpa cealla comharthaíochta i nduine le scitsifréine agus an-chuid néaróg míthreoraithe dá bharr.
Ní fios fós cad is ciontach leis an easpa seo. Ach de réir mar a chuirtear an tuiscint ar an ngalar iomlán seo chun cinn, tá súil ag na heolaithe gur féidir an féatas a chosaint ón easpa amach anseo.
Na tréithe a bhaineann le scitsifréine
[cuir in eagar | athraigh foinse]Léiríonn an ghalar na hairí seo go coitianta;[6]
- siabhránacht chloisteála,
- siabhráin pharanóideacha,
- urlabhra agus
- smaointeoireacht gan eagar maille le mífheidhm cheirde nó shóisialta.
I gcás daoine a bhfuil bunfhadhbanna sláinte intinne acu, d'fhéadfaí go músclódh úsáid cannabais an scitsifréine.[7]
Eipidéimeolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Buaileann scitsifréine timpeall 1% de dhaonra in Éirinn.
Deirtear uaireanta go bhfuil na hÉireannaigh sa dara háit, tar éis daoine dubha ón Chairib, ó thaobh scitsifréine de.[8] Ach níl sé sin fíor ar chor ar bith.[9]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chum Eugen Bleuler an téarma 'scitsifréine' don ghalar intinne sa bhliain 1911 ("Néaltrú Praecox" an téarma go dtí an t-am sin). Thuig sé nach raibh néaltrú i gceist agus nár thosaigh sé sna hóig (Praecox) i gcónaí.
As Gréigis, ciallaíonn Schizo deighilt agus ciallaíonn Phrene intinn.
Daoine a raibh scitsifréine orthu
[cuir in eagar | athraigh foinse]- John Nash: Scitsifréine pharanóiach a bhí ar Nash, a scríobh Nash tráchtas dochtúireachta sa bhliain 1950 a ghnóthaigh Duais Nobel dó i 1994, ach sa bhliain 1959 bhí sé in ospidéal meabhairghalair.[10]
- Scitsifréine pharanóiach a bhí ar Sheosamh Mac Grianna a cuireadh isteach in ospidéal Leitir Ceanainn tuairim is 1957. Ach níor fhág sin nach bhféadfadh sé a bheith páirteach in éigsí agus i bhféiltí i nDún na nGall ar ball.[11]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Neurodevelopmental disorder" (as en) (2022-01-14). Wikipedia.
- ↑ As Gréigis, ciallaíonn Schizo deighilt agus ciallaíonn Phrene intinn.
- ↑ Mo Costandi (2015-10-16). "Brain’s immune cells hyperactive in schizophrenia" (en). the Guardian. Dáta rochtana: 2022-02-09.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais".
- ↑ "Risk factors of schizophrenia" (as en) (2022-01-23). Wikipedia.
- ↑ "Sláinte Mhaith | RTÉ Presspack". presspack.rte.ie. Dáta rochtana: 2019-05-18.
- ↑ cogg.ie. "Tobar navgaoise". Dáta rochtana: 2019.[nasc briste go buan]
- ↑ "Ag tabhairt fóirithinte ar Éireannaigh atá i gcruachás" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-05-18.
- ↑ "Epidemiology of schizophrenia" (as en) (2019-03-29). Wikipedia.
- ↑ "Eireaball mo chuid aineolais" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-05-18.
- ↑ "MAC GRIANNA, Seosamh (1900–1990)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2019-05-18.