Jump to content

Síciteiripe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le síciteiripe[1][2] ná cóireáil ar fhadhbanna mothúchánacha chun na mothúcháin is na hiompair mhí-oiriúnaitheacha a athrú nó a stopadh, agus fás is forbairt phearsanta a chur chun cinn. Is féidir go mbeidh síciteiripe phearsanta, comhairliú pósta, síciteiripe clainne, nó síciteiripe grúpa i gceist. Go minic, mar shampla i ngalair shíceasómatacha, is éifeachtaí síciteiripe i gcomhair le cóireálacha eile. Bhí an néareolaí ón Ostair, Sigmund Freud, ina theiripeoir.[3]

Is féidir le síciteiripe a bheith níos doimhne ná cineálacha eile teiripe. Tugann sé le tuiscint dá lú an fhaisnéis atá agat ar do chuid cúiseanna, mothúcháin agus gníomhartha, is amhlaidh is mó a rialaíonn siad tú agus is mó a fhanann tú i bhfostú i seanphatrúin a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh duit.[4]

Is féidir le síceiteiripeoir cabhrú le smaointe fo-chomhfhiosacha a scrúdú, trí do chuid cúiseanna, faitíos agus mothúcháin gan aithne a chur in iúl duit agus déileáil leo chun faoiseamh a fháil ó do chuid comharthaí. Is iondúil go leanann síciteiripeoirí oiliúint iarchéime fhada agus ní mór d’oiliúnaithe dul faoi theiripe lena linn.[4]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): síciteiripe” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-04-28.
  2. i mBéarla, psychotherapy
  3. Hussey, Matt (2011). "Síciteiripe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 597.
  4. 4.0 4.1 Citizensinformation.ie. "Gairmithe meabhairshláinte" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2025-07-18.