Coirtéis
Cuma
Ciseal seachtrach orgánaigh nó córais bhitheolaíoch. Is í an choirtéis aidréineach ciseal seachtrach na faireoige aidréiní. In inchinní veirteabrach, is í an choirtéis cheirbreach an ciseal ábhair léith a luíonn os cionn is taobh amuigh de gach leathsféar. I bplandaí, is í an choirtéis an ciseal fíocháin díreach faoi bhun na heipideirme.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Coirtéis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 160.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |