Séarlas V, Impire Naofa Rómhánach
Bhí Séarlas V (24 Feabhra 1500 - 21 Meán Fómhair 1558) ina Rí ar an Ísiltír Bhurgúnach (1506-1555), ar an Spáinn (1516-1556 tugadh Carlos I air ann), ar an Napóil, ar an tSicil (1516-1554) agus ar na Rómhánaigh (1519-1558). Ba é Ard-Diúc na hOstaire (1519-1521) agus an tImpire Naofa Rómhánach (1530-1558) é. Rugadh i bhFlóndras é sa chathair Gent (tá an chathair sa Bheilg sa lá atá inniu ann). Bhí sé ar dhuine de na rialtóirí is cumhachtaí i stair na hEorpa. Bhí sé ina Impire Naofa Rómhánach ag tús an Reifirméisin agus throid sé go leor cogaí mar gheall air seo. Throid sé in aghaidh na Fraince go minic freisin cé gur tír Chaitliceach í freisin. Throid sé freisin i gcoinne an Impireacht Otamánach sa Mheánmhuir agus in oirthear na hEorpa.
Taisteal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mar go raibh sé i gceannas ar an oiread sin tíortha agus críocha éagsúla, thaistil sé go leor eatarthu. Rinne sé deich dturas go dtí na dTíortha faoi Thoinn, naoi gcinn go dtí an Ghearmáin, seacht gcinn go dtí an Spáinn, seacht gcinn go dtí an Iodáil, ceithre cinn go dtí an Fhrainc, dhá cheann go Sasana, agus dhá cheann go dtí an Afraic Thuaidh.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi dhuine Gearmánach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
| Is síol faoi dhuine Spáinneach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
| Is síol faoi dhuine Iodálach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
| Is síol faoi dhuine Ísiltíreach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- Síolta a bhaineann le daoine as an Ghearmáin
- Síolta a bhaineann le daoine as an Spáinn
- Síolta a bhaineann le daoine as an Iodáil
- Síolta a bhaineann le daoine as an Ísiltír
- Daoine Ollannacha
- Daoine Ostaracha
- Daoine Spáinneacha
- Impirí Naofa Rómhánach
- Lucsamburg
- Monarcaí Iodálacha
- Ridirí
- Ríthe Gearmánacha
- Ríthe Navarre
- Teaghlach Habsburgach
- Uaisleacht Eorpach