Elba

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suíomh

Is oileán é Elba (Isola d'Elba san Iodáilis) i dTuscáin (Toscanana san Iodálais) na hIodáile, agus é suite san fharraige, 20 km amach ó bhaile chósta Piombino. Is é an t-oileán is mó d'oileánra na Tuscaine é, agus an tríú is mó tar éis an tSicil agus an tSairdín, i bPoblacht na hIodáile.

Tá Elba agus na hoileáin eile (Gorgona, Capraia, Pianosa, Montecristo, Giglio agus Giannutri) d'oileánra na Tuscaine cosanta mar tá siad taobh istigh den Pháirc Náisiúnta (Parco Nazionale Arcipelago Toscano in Iodáilis). Tá an Chorsaic, atá faoi riail na Fraince, timpeall 50 km siar ó Elba.

Roinntear an oileán in ocht gComún: Portoferraio, Campo nell'Elba, Capoliveri, Marciana, Marciana Marina, Porto Azzurro, Rio Marina and Rio nell'Elba.

Tá dromchla tuairim agus 224 ciliméadar cearnach agus líne chósta tuairim agus 147 km aige. Is é Monte Capanne, ag 1,018 meadair, an sliabh is airde ann. Tá daonra cothrom le 30 000 ina gcónaí san oileán

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

I seanchas an oileáin, ba iad na Ligures Ilvati a chéad bhronn ainm ar an oileán, agus bhí clú ar an oileán sa chianaois, toisc a mhianach ársa iarainn. Thug na sean-Ghréagaigh Aethalia (blaidhm) mar ainm air, de réir go raibh lasracha na bhfoirnéisí a bhí i mbun táirgeachta mhiotail ina gné shuntasach ann. Tar éis Conradh Fontainebleau, cuireadh Louis xviii, deartháir an Louis a dícheannaíodh le linn na réabhlóide, i gcoróin agus díbríodh Napoleon I chuig Elba, shrois sé Portoferraio, 3 Bealtaine, 1814 le tús a chur len a thréimhse deoraíochta. Ligeadh dó garda pearsanta sé chéad fear a choimeád, maille lena líon tí agus scaifte iarghinearáil dá chuid. Cé gur chaith Napoleon a shaol saor gan choisc ar an oileán, bhí an Cabhlach Ríoga ag faire ar an oileán. Bhunaigh sé 'cúirt' ag a phríomhtheach oifigiúil, áit ar fháiltigh sé roimh chuairteoirí mar an scriobhneoir Sir Walter Scott. Ainneoin spiairí chuile áit agus bruig Shasanach amuigh ar an fharraige, d'fhág sé Elba faoi rún i ndorchadas na hoíche sa bhliain 1815

Áiléar íomhá[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]