Pápa Gréagóir XVI
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Pápa Gréagóir XVI | |||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||
Márta 21, 1825 - Feabhra 2, 1831
Feabhra 2, 1831 - Meitheamh 1, 1846 ← Pápa Pius VIII - Pápa Pius IX →
Feabhra 6, 1831 - | |||||||||
Saol | |||||||||
Ainm iomlán | Bartolomeo Alberto Cappellari | ||||||||
Eolas breithe | Belluno, 18 Meán Fómhair 1765 | ||||||||
Náisiúntacht | Stáit an Phápa | ||||||||
Bás | An Róimh, 1ú Meitheamh 1846, 9 Meitheamh 1846 | ||||||||
Áit adhlactha | Baisleac Pheadair | ||||||||
Muintir | |||||||||
Céile/Céilí | luach ar iarraidh | ||||||||
Oideachas | |||||||||
Teangacha | An Laidin | ||||||||
Gairm | |||||||||
Gairm | sagart Caitliceach | ||||||||
Rannpháirtí | |||||||||
Áit oibre | An Róimh agus Stáit an Phápa | ||||||||
Cleamhnú | |||||||||
Reiligiúin | Eaglais Chaitliceach Rómhánach | ||||||||
Ord | Beinidictigh | ||||||||
![]() |
Ba phápa ar an Eaglais Chaitliceach Rómhánach é Gréagóir XVI idir 1831 agus 1846. Ba mhanach Ceamaldóilíseach é, bráinse dian den Ord Beinidicteach. Bhí cáil air mar choimeádach agus traidisiúineóir nuair a bhí an Eoraip ag dul i dtreo bhliain na réabhlóíde.
Rugadh Bartolomeo Alberto Cappellari sa bhliain 1765 i mBelluna san Iodáil. Chuaigh sé san Ord Ceamaldóilíseach ina óige, ach tháinig aird ar a chumas mar dhiagaire agus mar theangeolaí. Ba eiseann ar cheann de na cosantóirí is mó den Pápa tar éis do Napoleon na Stáit Pápúil a ghabhadh. Tar éis teacht ar ais Pius VII don Róimh in 1814, fuair an tAthair Cappellari post i seirbhís na hEaglaise sa Róimh. Rinneadh an Pápa Leo XII cairdinéal dó in 1825. Nuair a thoghadh é mar Phápa in 1831, ní raibh sé ina easpag - ba é an sagart deireanach nár easpag é a thoghadh ina Phápa.
Bhí an Pápa Greagóir coiscrithe ina easpag, a cur tús le pápaireacht fíor-choimeádach. Bhí liobrálaigh ag teacht chun cinn ar fud na hEorpa agus bhí fuinneamh sna gluaiseachtaí náisiúnta nua. Bhí Greagóir i gcoinne dul chun cinn teicneolaíochta ar nós soilsiú gáis agus na hiarann-róid. Ó thaobh conspóid diaga, chuir sé tosach leis an frith-gníomhú ultramointéanach i gcoinne na Gailiceánaigh, Caitlicigh a sheas ar son saoirse na n-eaglaisí náisiúnta i gcoinne lár-riaradh na heaglaise sa Róimh. I dtosach a réim, bhí liobráiligh sa bhFrainc, ar nós an tAthair Felicité de Lammenais, ar son polasaithe Greagóir i gcoinne na Gailiceánaigh coimeádach i measc cliarlathas na Fraince, ach de réir a chéile, ba léir go raibh Greagóir sa champa caomhach.
Ó thaobh polaitíocht saolta de, cuireadh tús leis an bhfeachtas aontaithe Iodálach. Tháinig na Poblachtaigh radacacha i gcoinne polasaithe an Phápa agus bhí foréigeann ann. Bhí an Pápa láidir ina choinne, ach cáileadh riaradh na Stáit Pápúil dá réir, cé go raibh an-chuid gníomhaíochta ar siúl san Róimh ag an am.