Pápa Beinidict XV

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pápa Beinidict XV
Benedictus XV, by Nicola Perscheid, 1915 (retouched).jpg
Ard-easpag Caitliceach

Nollaig 16, 1907 -
Domenico Svampa (en) Aistrigh - Giorgio Gusmini (en) Aistrigh
Deoisí: Ard-Deoise Chaitliceach Bologna
easpag Caitliceach

Nollaig 22, 1907 -
Cairdinéal

Bealtaine 25, 1914 -
258. Pápa

Meán Fómhair 3, 1914 - Eanáir 22, 1922
Pápa Pius X - Pápa Pius XI
Saol
Ainm iomlánGiacomo Paolo Giovanni Battista della Chiesa
Eolas breithePegli (en) Aistrigh, 21 Samhain 1854
NáisiúntachtRíocht na hIodáile
BásApostolic Palace (en) Aistrigh, 22 Eanáir 1922
Áit adhlacthaVatican Grotto (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (niúmóine)
Muintir
Céile/Céilíluach ar iarraidh
Oideachas
Alma materPontifical Ecclesiastical Academy (en) Aistrigh
Pontifical Gregorian University (en) Aistrigh
Ollscoil Genoa
TeangachaAn Iodáilis
Gairm
Gairmsagart Caitliceach Rómhánach
Áit oibreAn Róimh agus Stáit an Phápa
Duaiseanna
Ainmníodh é/í le haghaidh
Cleamhnú
ReiligiúinEaglais Chaitliceach Rómhánach
w2.vatican.va…
Benedict PPXV signature.svg

Bhí Beinidict XV mar phápa ar an Eaglais Chaitliceach idir 1914 agus 1922. Bhí sé ina phápa le linn an Chéad Chogadh Domhanda agus an Réabhlóid Bhoilséiveach sa Rúis. Tháinig sé i gcomharbacht ar Naomh Pius X agus tháinig Pius XI ina dhiaidh.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Giacomo della Chiesa i nGenova san Iodáil i 1857. Bhain sé dochtúireachta amach sa dhlí sula oirníodh ina shagart é. Tháinig sé ag obair leis an Cairdinéal Mariano Rampolla, níos déanaí Nuinteas aspalda i Madrid, agus Rúnaí Stáit don Phápa Leo XIII.

D'éirigh della Chiesa Fo-Rúnaí Stáit sa bhliain 1901 agus ansin ardeaspag ar Bologna i 1907. Cheap Pius X é ina chairdinéal i 1914 agus toghadh della Chiesa mar phápa go gairid ina dhiaidh sin.

Pápacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí della Chiesa ina phápa linn an Chéad Chogadh Domhanda. Ba chosúil nár éist siúd a bhí i mbun cogaíochta leis agus é ag iarraidh síocháin.

Ar an 27 Bealtaine 1917, d'fhógair an Pápa an Cód Pio-Bheinidicteach 1917.[1] An chéad iarracht ar na dlíthe canónta a bhaineann leis an ngnásaíocht Laidineach san Eaglais Chaitliceach Rómhánach a chódú ab ea é. Deirtear gurb é an ócáid is tábhachtaí ó thaobh an dlí chanónta de i mbeagnach ocht gcéad bliain. Bhí sé bailí go dtí gur tháinig an Cód Dlíthe Canónta reatha i bhfeidhm sa bhliain 1983.[2]

Rinne Beinidict naomh de Jeanne d'Arc, banlaoch náisiúnta na Fraince, ar 16 Bealtaine 1920. Bheannaigh an Eaglais Oilibhéar Pluincéid sa bhliain 1920 chomh maith.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. canonlaw.info (1917). "Master Page on the Pio-Benedictine Code of 1917". www.canonlaw.info. Dáta rochtana: 2020-05-27.
  2. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-05-27.