Néaró

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNéaró

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(la) Nero Claudius Cæsar Augustus Germanicus
(la) Nero Claudius Drusus Germanicus
Beathaisnéis
Breith(la) Lucius Domitius Ahenobarbus
15 Nollaig 37
Antium (Impireacht na Róimhe)
Bás9 Meitheamh 68
30 bliana d'aois
An Róimh Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisConsensual homicide (en) Aistrigh (Easfhuiliú)
Áit adhlacthaMausoleum of the Domitii Ahenobarbi (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
5 Impire Rómhánach
13 Deireadh Fómhair 54 – 9 Meitheamh 68
← CláidiasGalba →
Seanadóir de chuid na Sean-Róimhe
Consal Rómhánach
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCreidimh na Sean-Róimhe
Áit chónaitheDomus Aurea (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Gairmfile, polaiteoir, saighdiúir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaArd-Impireacht na Róimhe
TeangachaAn Laidin
Eile
Teideal uasalAugustus Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachJulio-Claudian dynasty (en) Aistrigh, Domitii Ahenobarbi (en) Aistrigh agus Claudii Nerones (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéilePíotágarás
Sporus
Claudia Octavia (53–62), colscaradh
Poppaea Sabina (62–65), bás a c(h)éile
Statilia Messalina (66–68), bás Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíClaudia Acte Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteClaudia Augusta
 ( Poppaea Sabina) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairGnaeus Domitius Ahenobarbus agus Cláidias  agus Agrippina Óg
Duine muintearthaRufrius Crispinus (leasmhac) Cuir in eagar ar Wikidata

Musicbrainz: 31fdd5b3-4947-49d0-bb06-4b1ec7267a58 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Néaró,[1]Nero Claudius Caesar Augustus Germanicus, a saolaíodh faoin ainm Lucius Domitius Ahenobarbus, ar a dtugtaí Nero Claudius Caesar Drusus Germanicus freisin, (15 Nollaig, 37 - 9 Meitheamh, 68) an cúigiú hImpire ar Impireacht na Róimhe.

Tá clú ar Néaró mar gheall ar an bhfinscéal gur sheinn sé ar an bhfidil agus an Róimh ag dul trí thine. Thairis sin, bhí sé ar dhuine de na hImpirí ba mhó a rinne géarleanúint ar na Críostaithe i stair Impireacht na Róimhe.

Riail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Néaró ag rialú na Róimhe sna blianta 54-68, agus é ag díriú ar chúrsaí taidhleoireachta, trádála agus cultúir ach go háirithe.

Nero agus a mháthair, Agrippina (Antonio Rizzi)

Tá sé de chlú ar Néaró gur chaith sé an chuid ba mhó dá am ag útamáil le ceoltóireacht, ag marú Críostaithe agus ag bualadh craicinn le fir is le mná, gan trácht a dhéanamh ar mharú a mháthar féin (Agrippina).

Tá an tuiscint seo bunaithe ar scríbhinní Suetonius, Cassius Dio, agus Tacitus, nach raibh mórán bá ag aon duine acu le Néaró. Tá foinsí ann, áfach, a thugann le fios go raibh an-luiteamas ag cosmhuintir na Róimhe le Néaró .

An finscéal gur sheinn Nearó ar an bhfidil agus an Róimh ag dul trí thine. (Quo Vadis, ag M. de Lipman, Altemus 1897).

Géarleanúintí na gCríostaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maidir leis na staraithe Críostaí, is é an bharúil a bhí acusan riamh gurbh é Néaró a chuir tús le géarleanúintí na gCríostaithe sa Róimh. De réir na bhfinscéalta Críostaí, cuireadh beirt Aspal, mar atá, Peadar agus Pól, chun báis nuair a bhí Néaró sa ríchathaoir. Bhain an scríbhneoir Polannach Henryk Sienkiewicz leas as an scéal seo ina mhórúrscéal Quo vadis, a thabhaigh Duais Nobel na Litríochta dó sa bhliain 1905. Úrscéal stairiúil atá ann agus é suite sa Róimh le linn Néaró.

Géarleanúintí na gCríostaithe: "Torches of Nero" (Henryk Siemiradzki, circa 1876)

Féinmharú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 68, d'éirigh na míleataigh amach in aghaidh Néaró.

Chuir an t-impire lámh ina bhás féin ansin, de rogha ar an gcur chun báis a bhí i ndán dó.

Airgead

Thum an Impireacht i gcogadh cathartha ar feadh bliana, a dtugtar Bliain na gCeithre Impirí air. Tháinig Vespasian i gcomharbacht ar Néaró faoi dheireadh.

Piseoga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh géarleanúintí Néaró go mór mór i bhfeidhm ar na Críostaithe comhaimseartha.

Vasiliy Smirnov, La morte di Nerone (1888)

In Apacailipsis Eoin, luaitear beithíoch agus marc an bheithígh, agus deirtear gurb é 666 uimhir an bheithígh. Cé gurb iomaí ciall is féidir le lucht an mhisteachais a bhaint as an uimhir sin, is é an tuiscint atá ag an Eaglais gur tagairt do Néaró a bhí ann.

Neron Kesar (666)

Is amhlaidh gur féidir úsáid na n-uimhreach a bhaint as na litreacha Eabhraise, agus má scríobhtar an t-ainm NERON síos sna litreacha sin, is féidir é a chiallú mar "666".

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Néaró” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2022-09-21.