Caligula

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Busta Caligula

Impire Rómhánach ab ea Gaius Iulius Caesar Germanicus CaligulaCaligula (31 Lúnasa, 12 - an Róimh 24 Eanáir, 41.

Teacht i gcumhacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tháinig Caligula i gcomharbacht ar Tiberius.

Réim[athraigh | athraigh vicithéacs]

Nuair a bhí an chéad bhliain dá thréimhse ina Impire ag druidim chun deireanais, tháinig tinneas air. Deir na staraithe go raibh Caligula as a mheabhair ina dhiaidh sin. Bhí ráflaí ann ag an am go raibh sé ag bualadh craicinn lena chuid deirfiúracha agus gaireadh bandia dá dheirfiúr Drusilla (nuair a fuair sí bás go tobann sa bhliain 38).

D'ordaigh Caligula go dtógfaí dealbha de ar fud na hImpireachta, rud a chuir olc ar na Giúdaigh nuair a tógadh dealbh i lár an teampaill in Iarúsailéim.

Bás[athraigh | athraigh vicithéacs]

Mharaigh cuid den Gharda Praetóireach (faoi cheannaireacht an taoiseach céid Cassius Chaerea) é i ndeireadh Mhí Eanáir sa bhliain 41.

Tháinig a uncail Claudius i gcomharbacht air.