Staidreamh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An dáileadh normalach

Is craobh den mhatamaitic é an staidreamh (nó an staitistic), agus staidéar á dhéanamh ann ar chórais ina dtiteann imeachtaí amach go fánach. Cé nár dhóigh leat gur féidir aon rud deimhneach a rá faoina leithéidí, is féidir a rá de réir theoiric na dóchúlachta cén seans atá ann go dtarlóidh imeacht fánach agus cur síos a dhéanamh ar an gcóras dá réir. Baintear leas as an staidreamh i gcúrsaí airgeadais, sa stocmhargadh, i dtrialacha leighis, sa bhfisic chandamach, agus i dtrialacha ina mbíonn earráid ag baint leis na tomhais a dhéantar.