An Chincís
Féile Críostaí is ea an Chincís. Is lá tábhachtach é Domhnach Cincíse (nó Domhnach na Cincíse[1]) i bhféilire na Críostaíochta[2]. Deirtear ina thaobh gur thuirling an Spiorad Naomh ar na haspail lena linn.
Féilire[cuir in eagar | athraigh foinse]
Titeann an Chincís ar an seachtú Domhnach i ndiaidh na Cásca.
Piseoga[cuir in eagar | athraigh foinse]
Dúradh in Éirinn fadó go raibh dlúthbhaint ag an gCincíseach[3] (.i. duine nó ainmhí a rugadh i dtrátha na Cincíse) leis an mí-ádh agus leis an mbás. Creideadh, dá réir sin, go raibh sé i ndán dóibh duine a mharú. Tréimhse an-dainséarach a bhí i gceist Mar shampla, á ghortaigh Cincíseach duine eile, trí thimpiste fiú, thóg sé an-chuid ama le bheith ar fónamh arís (go dtí an chéad Domhnach Cincíse eile, uaireanta) nó d'fhéadfadh go bhfaigheadh an duine sin bás fiú amháin.
Bás a bhí i ndán don té ar rug ainmhí Cincíseach greim fiacla air, nó má fuair duine speach ón ainmhí sin fiú.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |