Aindéisít

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Aindéisít

Carraig bholcánach mhínghráinníneach ar chomhdhéanamh idirmheánach, ag cuimsiú iathchloch plagacláis, bitíte, cornbhleinde nó pirixéine. Is í dióirít a coibhéis, ó thaobh ceimice de. Cruthaítear an charraig seo ag imill ilchríochacha criosanna fo-dhuchtaithe, mar atá sna hAindéis i Meiriceá Theas.