Tundra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Crios fásra gan chrainn ó thuaidh i dtreo an Mhoil Thuaidh ó na foraoisí (an taiga) i Meiriceá Thuaidh, an Eoraip is an Áise. Den chuid is mó, bíonn sé foleagtha le buanreo, agus is é a bhíonn sa bhfásra ná caonaigh, crotail, ilbhliantóga luibheacha, toim chranda, is féir. Bíonn an séasúr fáis an-ghairid, ach te a dhóthain chun an sneachta a leá is ciseal gníomhach an bhuanreo a choscairt. Bíonn na logáin sheascannacha a tharlaíonn ansin ina ngnáthóga an-fhabhracha do phóraithe na muiscítí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tundra". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 683.