Laibhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Laibhe

Carraig dhoigheartha, brúchta ag bolcán, nó trí ghág i ndromchla an Domhain nó grinneall na farraige. Úsáidtear an téarma seo, is cuma an leachtach nó soladach an charraig, ach roimh theacht di i dteagmháil le haer, tugtar magma uirthi. Téitear an magma trí mheath radaighníomhach i gcroíleacán an Domhain, agus tagann sé don dromchla ina shreabh comhiompair. Teocht 900-1100 °C a bhíonn ag an laibhe leachtach, ag brath ar a comhdhéanamh. Ag an teocht íseal, bíonn an laibhe slaodach agus ní ritheann go maith. Ag an teocht ard, le slaodacht níos lú, ritheann an laibhe go maith agus ní bhíonn fánaí an bholcáin sin róghéar. Silice is ocsaídí miotal is mó a bhíonn i laibhe, agus calcann sí ina basalt, ina haindeisít nó ina ríolaít.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Laibhe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 391.