An Phlá Mhór
Cineál | ráig ghalair paindéim ![]() |
---|---|
Tréimhse | 1346 - 1352 |
Suíomh | 1338 - An Áise An Eoraip An Afraic Thuaidh An Cugas ![]() |
Tír | An tSeoirsia, An Asarbaiseáin, An Rúis agus An Airméin ![]() |
Cúis | Xenopsylla cheopis francach dubh ![]() |
Líon básanna | 75,000,000 ![]() |
Le cuid | |
B'ionann an Phlá Mhór nó an Galar Dubh agus galar marfach a scaip go rábach ón Áise ar fud na hEorpa san 14ú haois (1347-1351). Meastar go bhfuair 25 milliún duine bás san Eoraip dá barr, timpeall trian den daonra iomlán[1].
Dreancaidí galraithe ar fhrancaigh ba chúis leis an nGalar Dubh »»»»
Francaigh a bhí galraithe le bachaillíní an ghalair a scaip an phlá i measc na ndaoine agus d'at na nóid limfeacha.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí an phlá scamhógach marfach i níos mó ná 75% de na cásanna.
Bhí an phlá sheipticéimeach (inar ionfhabhtaíodh an fhuil sa cholainn) níos measa fós, ach amháin nár tharla an fhoirm seo chomh minic leis na foirmeacha eile.
Is deacair a hiarmhairt ar an Eoraip a mheas, ach chuir sí isteach go tubaisteach fadtréimhseach ar gach gné den bheatha. Is beag a foghlaimíodh uaithi, mar tharla paindéimí eile san Eoraip i 1361-3, 1369-71 , 1374-5, 1390, agus 1400.

Áise[cuir in eagar | athraigh foinse]
Fuair 13 milliún Síneach bás léi. Is dócha gur iompair ceannaithe an galar ar feadh na mBealaí Síoda trádála don Mheánoirthear is an Mheánmhuir.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |