Ortha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ortha sa tSín, tréimhse Ming, 1368-1644

Is paidirbeannacht an ortha a bhfuil bua speisialta (b'fhéidir osnádúrtha) ag gabháil léi. Is dócha go bhfuil bunús na n-orthaí le fáil sa ré réamhchríostaí agus go ndearnadh guí diaga díobh le himeacht aimsire. Is liosta le háireamh a bhfuil d'orthaí ann ach bhíodh trácht mór ar Ortha an Dul AmúOrtha na Seirce.

Ar cheann de na horthaí leighis a dhéantaí do lámh ghortaithe tá:

Fuil le fuil,
Cnámh le cnáimh,
Lámh le láimh,
Go leigheasa Dia agus Domhnach thú.

Macalla spéisiúil ar rann ó na Merseburger Zaubersprüche ón 8ú haois: ".. ben zi bena, bluot zi bluoda, lid zi geliden, sose gelimida sin. / .. cnámh le cnáimh, fuil le fuil, géag le géag, amhail is go bhfuil siad nasctha".

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]