Ari Þorgilsson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAri Þorgilsson
Beathaisnéis
Breith1067
an Íoslainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás9 Samhain 1148
80/81 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Réimse oibreLitríocht, stair agus croiniceacht
Suíomh oibre An Íoslainn Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmscríbhneoir, file, staraí, croiniceoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Íoslainnis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
TeaghlachHaukdælir family clan (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairÞorgils Gellirsson

Ba é Ari Þorgilsson (1067–1148 AD) an croinicí ba mhó cáil san Íoslainn sna meánaoiseanna. Eisean a scríobh Íslendingabók, leabhar a thugann cuntas ar shaol na muintreacha a chuir fúthu san Íoslainn. Ba ghnách Ari Saoi (Ari hinn fróði) a thabhairt air, agus eisean an duine is túisce a scríobh stair i Sean-Lochlainnis, más fíor do Snorri Sturluson.

Bhain Ari le muintir Haukdælir agus fuair sé a chuid scolaíochta ó Teitur Ísleifsson (mac Ísleifur Gissurarson, an chéad easpag de chuid na hÍoslainne) sa scoil in Haukadalur. Is ann a fuair sé léann clasaiceach. Is léir ónar scríobh sé go raibh an-eolas aige ar staraithe Laidine ach go raibh sé beachtaithe go maith i mbéaloideas na tíre chomh maith.

Creidtear go ndearnadh sagart Críostaí d’Ari in Staður (a dtugtar Staðastaður air anois). Is beag eolas eile atá le fáil ar a bheatha.

Deirtear go raibh lámh mhór aige i scríobh Landnámabók, leabhar a chuireann síos ar lonnaíocht na hÍoslainne. Déantar tagairt ómósach dó mar fhear suntasach in Fyrsta málfræðiritgerðin (an chéad gráiméar a scríobhadh san Íoslainn), saothar a cruthaíodh timpeall na bliana 1160 AD, mar ní raibh bunús daingean le nós na scríbhneoireachta ag an am.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Paasche, Fredrik (1956). Norsk Litteraturhistorie I: Norges og Islands Litteratur: lgh 276–280. Oslo: Aschehoug.