Jacques Chirac

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Jacques Chirac
Jacques Chirac.jpg

22ú Uachtarán na Fraince
5ú Uachtarán na 5ú Poblachta
In oifig
17 Bealtaine 1995 - 16 Bealtaine 2007
Réamhtheachtaí: Francois Mitterrand
Comharba: Nicolas Sarkozy

Dáta breithe 29 Samhain 1932
Áit bhreithe Páras An Fhrainc
Dáta báis 26 Meán Fómhair 2019
  Páras An Fhrainc
Páirtí UNR (1968)
UDR (1971)
RPR (1976)
UMP (2002)
Céile Bernadette Chirac

B'é Jacques René Chirac (29 Samhain 1932 i bPáras - 26 Meán Fómhair 2019 i bPáras[1]) Uachtarán na Fraince idir 17 Bealtaine 1995 agus 16 Bealtaine 2007.

1975 Jacques Chirac mar Phríomh-Aire in éineach les an deachtóir Nicolae Ceausescu

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

1995-2002[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toghadh Chirac ina uachtarán in 1995 agus rialtas den eite dheis i gcumhacht. Tar éis thitim an rialtais sin in 1997, b'éigean dó comhréiteach a dhéanamh le Lionel Jospin, príomh-aire agus Sóisialaí . Ba léir do mhuintir na Fraince gur chomhréiteach é nár thaitin le ceachtar de na ceannairí.[2] Bhí sé ráite ag Chirac ag an am go raibh sé chun an cath a chur ar ógchiontóirí agus polasaí "impunité zero" (neamhfhulaingt) a chur i bhfeidhm.

1986ː Francois Mitterrand (ar chlé) agus Jacques Chirac, Príomh0Aire ag an am.

Ina uachtarán nuathofa ar an tír, ar 16 Iúil 1995, i Square des Martyrs du Vel d'Hiv i bPáras, thug Chirac caint ina ndéantar tagairt don "mhasla a tugadh do stair na Fraince agus dá traidisiúin" nuair a tugadh ordaithe díbeartha sa Fhrainc do na Giúdaigh le linn an Dara Cogadh Domhanda.[3]

Bush agus Chirac i mí Iúil 2001. D'éirigh eatarthu níos déanaí nuair a rinne na S.A. ionradh ar an Iaraic.

2002-2007[cuir in eagar | athraigh foinse]

Reáchtáladh olltoghchán i 2002. Le linn fheachtas na huachtaránachta, bhí na Sóisialaigh féin ar a ndícheall ag iarraidh cur ina luí ar an phobal go raibh sé thar am deireadh a chur leis an "cohabitation". Agus sin céárd a tharla, ach bhí móramh iomlán ag an UMP, an comhaontú a thacaigh le Jacques Chirac ag an am. Mar thoradh, bhí cead a chinn tugtha ag an pobal do Chirac a pholasaithe dianslándála a chur i bhfeidhm.[4] D'ainmnigh Jean-Pierre Raffarin as an UMP mar Phríomh-Aire.

Sa bhliain 2003, bhí an rialtas Francach go tréan in  aghaidh Bush agus "Cogadh ar Sceimhlitheoireacht". Thit Chirac agus George W. Bush amach níos déanaí nuair a rinne na Stáit Aontaithe ionradh ar an Iaraic.

Sa bhliain 2004, tugadh isteach reachtaíocht a chuir cosc ar chaitheamh na scairfe Ioslamaí (le foulard) i scoileanna na Fraince.[5] Chuir Chirac béim mhór ar phrionsabal an tuathaithe, dí-eaglaisiú an stáit nó "laicité" mar a thug sé air, atá in ainm agus a bheith i réim sa tír ó rinneadh deighilt iomlán idir an stát agus an eaglais sa bhliain 1905.

Nuair a theip air - agus Chirac -sa bhfeachtas ar son bhunreacht na hEorpa i reifreann ar an 29 Bealtaine 2005, d'éirigh Raffarin as oifig agus ceapadh Dominique de Villepin ina áit.

Ar an ochtú Samhain 2005, d’fhógair Chirac staid éigeandála i Seine Saint Denis, a thug cumhachtaí eisceachtúla do na húdaráis áitiúla chun déileáil leis na trioblóidí i gClichy sous Bois: cuirfiú a fhógairt, tithe a chuardach agus cosc a chur ar aon teacht le chéile poiblí.[6][7]

Náisiúnaí a bhí i Chirac. Mar shampla, chuir Jacques Chirac in iúl sa bhliain 2006, nach bhfanfadh sé i láthair ag cruinniú a bhí ar siúl sa Bhruiséil nuair a thug an cainteoir, Ernest-Antoine Seillière (i mbun comhlachais gnó ag an am, an MEDEF[8]), le fios go raibh sé i gceist aige a chur i láthair a dhéanamh trí mheán an Bhéarla.

Jacques Chirac le Donald Sheridan.

Meath[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí na Bealtaine 2005, chaill Chirac an reifreann ar Bhunreacht an Aontais Eorpaigh.

Faoi bhrú, bhuail stróc Chirac i 2005. Choinnigh sé an rún faoi cheilt.[9] Tháinig néaltrú soithíoch air de réir a chéile.

Sa bhliain 2006/2007, tugadh le fios, ar bhealach neamhbhalbh go minic, go raibh Chirac féin tuirseach lagbhríoch.[10] Scríobh an Irish Timesː

"shílfeá ó chaint na meán go raibh Chirac ar shlí na fírinne (nó na mbréag?) cheana féin. Go polaitiúil, tá Chirac mort. Tá sé ag gabháil den bpolaitíocht leis na cianta agus anois tá muintir na Fraince bréan de agus iad réidh leis an seanfhear a dhíbirt ón Champs Elysées.[11]

Ba é Nicholas Sarkozy, laoch na heite deise, a tháinig i gcomharbacht ar Jacques Chirac mar uachtarán ar an tír sa bhliain 2007.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. RTÉ (2019-09-26). "Former French president Jacques Chirac dies aged 86" (in en). 
  2. Pol O Muiri (2002). "Impunite zero" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-09-26.
  3. PJ Mac Gabhann.. "La Rafle - Fuadach na nGiúdach, Comhar 70 (4), 9-10." (ga). Comhar. Dáta rochtana: 2020-09-26.
  4. Máiréad Ní Chinnéide (2002). "Cead a chinn ag Chirac" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-09-26.
  5. Mairead Ni Chinneide (2003). "Cosc ar scairf" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-09-26.
  6. P.J. Mac Gabhann. "Léirmheas: Entre les murs" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-09-26.
  7. Matthew Holroyd (2020-07-27). "Mayor apologises for comparing French police to WWII Vichy regime" (en). euronews. Dáta rochtana: 2020-09-26.
  8. "Ernest-Antoine Seillière" (in en) (2020-01-01). Wikipedia. 
  9. "La santé de Jacques Chirac avait connu un tournant avec son AVC en 2005" (fr). Le Huffington Post (2019-09-26). Dáta rochtana: 2020-09-26.
  10. P.J. Mac Gabhann. "An Póilín sa Seomra Ranga" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-09-26.
  11. Ailbhe Ni Ghearbhuigh (2006). "Ag fanacht le votail" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-09-26.